Chuir Cathair na Gaillimhe fáilte roimh bhreis agus 400 toscaire agus 150 taispeántóir chuig an 66ú Comhdháil Bhliantúil de chuid Chumann Príomhoifigeach Dóiteáin na hÉireann (ICFOA) in Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite (7-8 Bealtaine 2025).
Chuir an Clr Peter Keane, Méara Chathair na Gaillimhe, agus Martina Kinane, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh thoscairí na Comhdhála, agus thug Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Uinsinn Finn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe óráidí ina dhiaidh sin.
Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, fáilte roimh thoscairí, ag rá, “Tá an-mheas againn ar an tseirbhís dóiteáin inár gcroí agus inár bpobail. Is inmholta i ndáiríre atá bhur ndúthracht, crógacht agus díograis bhuanseasmhach chun beatha agus maoin a chosaint.” Thug sé aitheantas don chomhoibriú ar leith a bhíonn idir Údaráis Áitiúla Chathair agus Chontae na Gaillimhe, áit a léiríonn samhail na ‘seirbhíse comhroinnte’ don tSeirbhís Dóiteáin, ‘spiorad an chomhair agus na haontachta atá riachtanach don fhreagairt éigeandála éifeachtach. Trí acmhainní agus saineolas a thabhairt le chéile, cinntímid go bhfaigheann an ceantar uirbeach agus an ceantar faoi tuath araon an caighdeán is airde cosanta dóiteáin agus seirbhísí éigeandála. Is sampla iontach í an chomhpháirtíocht seo den chaoi a bhféadfaí éifeachtúlacht níos fearr agus torthaí feabhsaithe a bhaint amach dár bpobail tríd an obair i gcomhar.”
Thug Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, aitheasc ag an gcomhdháil freisin, inár thug sé aitheantas don tábhacht a bhaineann le Cumann Príomhoifigeach Dóiteáin na hÉireann agus dúirt go raibh ról ríthábhachtach aige maidir le comhairle a chur ar an rialtas agus ar chomhlachtaí náisiúnta eile i réimsí ar nós oibríochtaí seirbhíse dóiteáin agus sábháilteacht dóiteáin, rialú foirgneamh, agus móréigeandáil, i measc nithe eile, agus saineolas agus léargais an Chumainn ag léiriú go cinnte go bhfuil siad “luachmhar maidir le beartais a mhúnlú lena gcinntítear sábháilteacht agus folláine ár bpobal”.
Lean sé ar aghaidh: “Is é an dúshlán láithreach atá romhainn i gCathair na Gaillimhe dlús a chur le forbairt ár gCeanncheathrún nua don tSeirbhís Dóiteáin sa Chathair agus Lárstáisiún Dóiteáin. Oibreoidh Comhairlí Chathair agus Chontae na Gaillimhe go dlúth le Stiúrthóireacht Náisiúnta na Roinne chun na saoráidí nua seo a chur ar fáil”.
Thug an tUasal Cleary dá aire infheistíocht na Stiúrthóireachta Náisiúnta um Bainistiú Dóiteáin agus Éigeandála i gcaipiteal agus i dtrealamh araon le blianta beaga anuas, agus thug sé aitheantas ‘don obair a bhí ar bun leis an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála agus go bhfuil struchtúir curtha i bhfeidhm le blianta fada chun cabhrú le húdaráis áitiúla le Bainistiú Móréigeandálaí agus le teagmhais thromchúiseacha.’ Thug an tUasal Cleary faoi deara, “B’fhéidir nach mbíonn go leor éigeandálaí móra againn in Éirinn, ach tá go leor imeachtaí tromchúiseacha a bhain leis an aimsir tarlaithe anseo le blianta beaga anuas.”
Oibríonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le chéile mar dhá údarás áitiúla comharsanachta le haghaidh seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, agus cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe €5,319,600 ar fáil chun Seirbhís Dóiteáin na Gaillimhe a oibriú sa gcathair in 2025.
Tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe i gceannas ar fhreagairt oibríochtúil, cosc/rialáil dóiteáin, mórbhainistíocht éigeandála agus sábháilteacht dóiteáin pobail laistigh den chathair chomh maith leis an gcontae.
Lean Leonard Cleary ar aghaidh, “Is seirbhís dóiteáin fhorásach í Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe le go leor tionscnamh a thacaíonn le réigiún an iarthair agus go náisiúnta agus tá caidrimh idirghníomhaireachta den scoth cothaithe aici. Mar is amhlaidh le gach údarás áitiúil, is é an dúshlán atá romhainn i nGaillimh ná ár bplean forbartha straitéiseach a chur i bhfeidhm, a bhfuil cuspóir ar leith aige maidir le Ceanncheathrú nua agus Stáisiún Dóiteáin Lárnach nua. Oibreoidh Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe go dlúth le Stiúrthóireacht Náisiúnta na Roinne chun na saoráidí nua seo a chur ar fáil.”
Ba dhíol sásaimh don Uasal Cleary gur glacadh leis an gComhaontú maidir leis an Athbhreithniú ar Chomhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht, ‘lena gcinnteofar go gcuirfear seirbhís inbhuanaithe dóiteáin ar áirithíocht ar fáil amach anseo agus lena n-aithneofar obair gach duine lena mbaineann, go háirithe LGMA thar ceann na hearnála’.
Chuir an tUasal Cleary clabhsúr lena chuid cainte trí bhuíochas a ghabháil le gach duine sa tSeirbhís Dóiteáin agus Éigeandála as a ndíograis agus a seirbhís, ag rá, "Tá bhur chuid oibre ríthábhachtach, agus is mór againn an méid a dhéanann sibh. Leanfaimid orainn ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach, ag tacú lena chéile, agus ag oibriú i dtreo todhchaí níos sábháilte do chách.’