Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an Aire John Cummins TD chun Tionscadail Tosaíochta do Chathair na Gaillimhe a phlé

Minister of State John Cummins with GCC staff in City Hall

Chuir an Clr Niall McNelis, Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, agus Foireann Ardbhainistíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimh fáilte roimh John Cummins T.D., Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, chuig Cathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite (Déardaoin an 17 Aibreán 2025) chun an t-eolas is déanaí a thabhairt ar thionscadail URDF i gCathair na Gaillimhe; tionscadail tithíochta Sóisialta agus Inacmhainne; agus an scéim Deisiúcháin agus Léasa Tithíochta.

Leag an Príomhfheidhmeannach agus an Fhoireann Ardbhainistíochta amach 12 thionscadal tosaíochta do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, arna gcur faoi bhráid an Chláir Rialtais ar iarratas ón Méara agus ó chomhaltaí Tofa. Léirítear leis na tosaíochtaí seo ról na Comhairle ina tiománaí eacnamaíoch, sóisialta agus cultúir i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus cuirtear béim ar an ngá atá leis an Rialtas córas maoinithe an Rialtais Náisiúnta don rialtas áitiúil a mheas. I measc na dtosaíochtaí sin tá Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe, BusConnects Gaillimh; Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe (Coirib go Cósta); múnla maoinithe; Cáin Iostas Oíche Phíolótach do Thurasóirí; bonneagar fuíolluisce; athnuachan Bhóthar na Díge agus Bóthar an Ghainimh; forbairt na nArdán a chumasú; Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnród an Chlocháin; ciste bonneagair chultúrtha; agus athfhorbairt Chalafort na Gaillimhe.

Tá beagnach 30% (29.9%) de na hoibrithe go léir i Réigiún an Iarthair ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe, méadú 3% ón Daonáireamh seo caite, leis an gcathair mar bhaile do chnuasach gnó MedTech a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus tionscal láidir TFC atá ag teacht chun cinn. Meastar go dtiocfaidh méadú 50% ar Chathair na Gaillimhe faoi 2040 go dtí 122,000 duine.

Thug an tAire Cummins cuairt ar scéim tithíochta sóisialta Gharraí Beag i mBaile Bán Mór freisin chun tithe a cuireadh i gcrích le gairid a fheiceáil.