
Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh fhógra an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan, faoi bhaill nua a bheith ceaptha ar Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe. Tiocfaidh an tionscnamh nua seo in ionad na Comhchoiste Póilíneachta agus tabharfar cónaitheoirí, grúpaí pobail, seirbhísí poiblí agus comhaltaí tofa le chéile chun bheith ag comhoibriú ar shaincheisteanna sábháilteachta áitiúla.
Tá an Chomhpháirtíocht Sábháilteacha Pobail Áitiúil leagtha amach chun éagsúlacht phobail na Gaillimhe a léiriú, agus déanann na baill ionadaíocht ar an óige, ar phobail nua, ar an earnáil dheonach, ar ghrúpaí oideachais, ar lucht gnó agus ar dhreamanna a chuireann seirbhísí reachtúla ar fáil, an Garda Síochána, FSS, Tusla agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina measc. Is é an ról atá acu na cúiseanna imní sábháilteachta a aithint agus Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil a leagan amach a fhreagraíonn do riachtanais na cathrach trí chomhairliúchán poiblí agus trí chomhbheartaíocht.
Deir Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce:
“Cuireann sé an-ríméad orm go bhfuil Comhpháirtíocht Áitiúil Chathair na Gaillimhe maidir le Sábháilteacht an Phobail curtha ar bun agus go bhfuil an chéad chruinniú le tionól anois”. Is céim mhór chun cinn seo maidir le comhpháirtíocht den chineál seo a thabhairt i bhfeidhm ar fud na tíre agus le cur chuige nua an rialtais i ndáil le sábháilteacht an phobail.”
“Is í an chéad chéim eile den obair ag an gComhpháirtíocht seo plean sábháilteachta pobail sainchóirithe dá chuid féin a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Beidh an Oifig Náisiúnta maidir le Sábháilteacht an Phobail, atá sa Roinn Dlí agus Cirt, ar fáil le cuidiú leis an gComhpháirtíocht ag tosú amach ar an obair thábhachtach.”
“Trí ionadaithe áitiúla, grúpaí pobail agus gníomhaireachtaí stáit a thabhairt le chéile, is féidir le Comhpháirtíocht Áitiúil Chathair na Gaillimhe maidir le Sábháilteacht an Phobail plean a leagan amach ina sonraítear a bhfuil riachtanach maidir le sábháilteacht an phobail ina gceantar féin. Rinne an Roinn tástáil phíolótach ar an gcóras seo ar feadh roinnt blianta i dtrí cinn de limistéir. Mholfainn do gach comhpháirtíocht nua cur leis an obair shármhaith a rinne na comhpháirtíochtaí píolótacha sin a d’fhoilsigh plean sábháilteachta pobail dá gcuid féin.”
“Is mian liom buíochas a ghlacadh leis an uile dhuine a raibh baint acu le CÁSP Chathair na Gaillimhe as páirt a ghlacadh sa chor nua seo i gcúrsaí maidir le sábháilteacht an phobail. Táim ag tnúth go mór leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad.”
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:
“Tá ríméad orm an struchtúr nua seo a fheiceáil i bhfeidhm. Tugtar gach duine le chéile, seirbhísí stáit agus an pobal, chun cur le hobair an Chomhchoiste Póilíneachta. Is bealach níos ionchuimsithí agus níos éifeachtaí atá ann chun tosaíochtaí a leagan amach agus cinntí a dhéanamh.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, freisin:
“Ciallaíonn sábháilteacht pobail go n-aireoidh daoine sábháilte san áit a bhfuil siad ina gcónaí. Ní faoi phóilíneacht amháin é, ach faoi shláinte, faoi sheirbhísí sóisialta agus faoi thacaíocht pobail ag oibriú le chéile. Tugtar cead dúinn sa gComhpháirtíocht nua seo éisteacht leis an bpobal agus gníomhú ar a son. Ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh gach ball nuacheaptha de Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe agus gach rath a ghuí orthu leis an obair thábhachtach atá amach rompu agus muid ag oibriú le chéile féachaint le cathair níos sábháilte agus níos ionchuimsithí do chách a dhéanamh de chathair na Gaillimhe.”
Beidh an chéad chruinniú ag an gComhpháirtíocht ar an 30 Deireadh Fómhair 2025, áit a ndéanfaidh na baill Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach a thoghadh. Oibreoidh siad go dlúth leis an gComhordaitheoir Sábháilteachta Pobail Kelly Slattery, a thosaigh sa gComhairle Cathrach na Gaillimhe le gairid, chun an Chomhpháirtíocht a threorú agus Plean Sábháilteachta Pobail Áitiúil saincheaptha a leagan amach agus a chur i bhfeidhm.
Beidh cruinnithe ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe uair sa ráithe ar a laghad, agus beidh cruinniú dúnta amháin agus cruinniú oscailte amháin sa mbliain acu freisin, ar athrú a bheidh ann ar an gcaoi a dtéitear i ngleic le sábháilteacht pobail i gCathair na Gaillimhe ar leibhéal áitiúil.
Teideal an Íomhá:
An Comhairleoir Níall McNelis, Ball Ainmnithe an Aire a fógraíodh le gairid ar Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, agus Kelly Slattery, an Comhordaitheoir Sábháilteachta Pobail. Grianghraf: Cormac Mac Mahon