
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála chun cead pleanála a thabhairt do thionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath.
Is conair leanúnach phleanáilte é tionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath d’áiseanna poiblí, coisithe agus rothaíochta ar ardchaighdeán a ritheann feadh fhad Bhóthar R338 Bhaile Átha Cliath. Beidh an bealach 3.9km seo, a shíneann ón taobh thoir d’Acomhal Mhóinín na gCiseach go dtí Acomhal Dhabhach Uisce, in aice le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, Ospidéal Bon Secours chomh maith le scoileanna agus áiseanna eile.
Cuirfidh na saoráidí bus nua, a mbeidh lánaí bus tiomnaithe breise sa dá threo agus stadanna bus feabhsaithe mar chuid de, turais níos iontaofa agus níos compordaí ar fáil do chomaitéirí. Trí bhonneagar taistil ghníomhaigh a sholáthar, lena n-áirítear rianta rothar leithscartha agus saoráidí uasghrádaithe do choisithe, beifear in ann na turais a dhéanamh níos sábháilte agus níos compordaí do shiúlóirí agus do rothaithe.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Is díol sásaimh é an bonneagar iompair phoiblí, siúil agus rothaíochta seo, a bhfuil géarghá leis, a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe. Freastalaíonn BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath ar roinnt fostóirí móra, institiúidí oideachais agus ceantair chónaitheacha ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Is príomhbhóthar é tríd an gcathair, agus isteach go dtí an chathair, atá ann freisin. Tá sé ríthábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe na cathrach go mbeadh tionscadail cosúil leis seo in ann dul chun cinn i nGaillimh, mar sin fáiltím roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead pleanála a thabhairt don tionscadal seo.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is tionscadal tosaíochta é BusConnects Gaillimh do Chathair na Gaillimhe, agus is bealach tábhachtach é Bóthar Bhaile Átha Cliath i líonra bonneagair iompair phoiblí na cathrach, bonneagar atá ag fás. Ceanglóidh Bóthar Bhaile Átha Cliath le tionscadail eile atá curtha i gcrích agus atá ar feitheamh lena n-áirítear Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin, Líonra Rothaíochta Bhóthar Dhabhach Uisce Theas agus an tionscadal BusConnects Gaillimh: Nasc Trasna na Cathrach. Ionas go leanfaidh an chathair de bheith ina áit tharraingteach le bheith i do chónaí, le bheith ag obair inti, le cuairt a thabhairt uirthi agus le hinfheistiú ann, tá córas iompair phoiblí nua-aimseartha ar ardchaighdeán ag teastáil i gCathair na Gaillimhe le háiseanna ar ardchaighdeán do shiúl, rothaíocht agus gluaiseacht ar rothaí. Tá an tionscadal seo ar cheann de na tionscadail a mbeidh tionchar aige ar na roghanna taistil i gCathair na Gaillimhe, agus ní bheifear ag brath chomh mór céanna ar úsáid carranna príobháideacha - agus beidh níos mó daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag úsáid iompar poiblí. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Údarás Náisiúnta Iompair as an tacaíocht a thugadar chun an tionscadal seo a bhrú chun cinn.”
Mar chuid den chinneadh seo, tá cead pleanála mar aon le toiliú tugtha ag an gCoimisiún Pleanála do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe roinnt áitribh ar feadh an bhealaigh a cheannach go héigeantach.
Is cuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe, atá maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, an tionscadal seo.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi thionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath ar https://www.bcgdublinroad.ie/