Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh Mhórbhorradh i Maoiniú Tithíochta Sóisialta

stock image of hands holding a small wooden house

Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh mhéadú mór ar mhaoiniú don Chlár Fáltas Dara Láimhe Tithíochta Sóisialta, rud a chuirfidh ar chumas na Comhairle níos mó tithe a sholáthar dóibh siúd a bhfuil géarghá acu leo.

 

Tar éis feachtas maoinithe rathúil faoi stiúir an Aire James Browne, tá sé deimhnithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfuil €50 milliún breise curtha ar fáil go náisiúnta don chlár.

 

Leithdháileadh €8 milliún  ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin scéim do 2025. Tá 19 dteach faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dtí seo i 2025 agus tá roinnt aonad  eile á bhfiosrú. 

 

Tá an €50 milliún breise chun tús áite a thabhairt do thithíocht don dream atá gan dídean, chun tacú le tionscnaimh Tithíocht ar dTús agus tionscnaimh chun imeacht ón easpa dídine. 

 

Údaraíodh d’údaráis áitiúla freisin gealltanais mhaoiniúcháin a dhéanamh le haghaidh éadálacha a d’fhéadfadh  dúnadh i 2026, agus ceadaíodh do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe suas le €2.4 milliún - 30% dá buiséad bunaidh do 2025 a ghealladh.

 

D’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas don scéim Tionóntaí in Situ, atá fós oscailte agus a úsáidtear mar rogha dheireanach chun tionóntaí atá le díshealbhú gan aon locht orthu féin a chosc.

 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:

“Léirítear leis an infheistíocht seo an t-aitheantas atá tugtha ag an Rialtas do na riachtanais phráinneacha tithíochta i gcathracha ar nós chathair na Gaillimhe. Tá freagracht orainn a chinntiú go n-úsáidtear gach euro go héifeachtach chun tithe slán sábháilte a chur ar fáil don dream is mó a dteastaíonn sé uathu. Molaim foireann tithíochta na Comhairle as a dtiomantas agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh aige sin ar ár bpobail a fheiceáil.”

 

Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an bhfógra freisin:

“Tacaíonn an maoiniú feabhsaithe seo lenár straitéis níos leithne chun Gaillimh a shuíomh mar chathair ionchuimsitheach ina bhfuil deiseanna ar fáil. Trí infheistíocht a dhéanamh i dtithíocht shóisialta, ní hamháin go bhfuil muid ag tabhairt aghaidh ar riachtanais láithreacha, tá pobail níos láidre a bhfuil níos mó teacht aniar iontu á dtógáil freisin. Leanfaimid orainn ag obair go dlúth leis an Roinn chun a chinntiú go mbeidh torthaí fiúntacha ar an gclár seo do mhuintir na Gaillimhe.”

 

Dúirt Elizabeth Fanning, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Is céim ríthábhachtach chun tosaigh é an méadú seo ar mhaoiniú inár n-iarrachtaí  tacú le teaghlaigh leochaileacha i nGaillimh. Cuireann sé ar ár gcumas leanúint de thithe a fháil agus de bheith tiomanta don scéim Tionóntaí in Situ, a bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le cosc a chur ar easpa dídine do thionóntaí a bhfuil orthu dul i ngleic le díshealbhú gan aon locht a bheith orthu féin.”