Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh Thoscaireachtaí ó Lorient chun Ceiliúradh a dhéanamh ar 50 Bliain de Nascadh

Mayor of Galway City and Mayor of Lorient standing together.

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh níos mó ná 100 toscaire ó Lorient, an Fhrainc, go Cathair na Gaillimhe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomóradh 50 bliain ó nascadh  Gaillimh agus Lorient – an chéad chomhaontú nasctha dá leithéid idir Éire agus an Fhrainc. Tá an ceiliúradh ag tarlú an t-am céanna le Féile na Briotáine i gCathair na Gaillimhe, ón 9-18 Bealtaine 2025. 

 

Reáchtáladh fáiltiú méara i Halla na Cathrach ar an 15 Bealtaine 2025, áit ar chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, fáilte roimh na toscairí, lena n-áirítear Méara Lorient, Fabrice Lohrer. 

 

Ag labhairt dó ag an bhfáiltiú, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane: "Tá ríméad orm fáilte a chur romhaibh chuig Halla na Cathrach chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 50 bliain ó nascadh Gaillimh agus Lorient, cairdeas agus malartú a cheiliúrann cultúr comhroinnte muirí, spóirt, oideachais agus inbhuanaitheachta agus a dhéanann an ceangal idir Gaillimh agus Lorient a neartú trí ghnó, oideachas, turasóireacht agus malartú cultúir."

 

Shínigh Gaillimh agus Lorient comhaontú nasctha in 1975 – an chéad chomhaontú nasctha dá leithéid idir Éire agus an Fhrainc. Léirigh sé sin oidhreacht Cheilteach chomhroinnte agus cóngaracht gheografach an dá chathair. 

 

Thug toscaireacht faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cuairt ar Lorient i mí an Mhárta 2025 agus ócáid chiniúnach ba ea é a chuir deis ar fáil éachtaí san am atá caite a cheiliúradh, agus deiseanna nua a chothú do chomhoibriú gnó, taighde, malartuithe oideachais agus rannpháirtíocht an phobail. I measc na toscaireachta bhí ionadaithe ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU), Portershed, Cuideachta Chuan na Gaillimhe agus Coiste Nasctha Lorient na Gaillimhe. Rinneadh díospóireachtaí ardleibhéil, tugadh cuairt ar láithreáin, agus reáchtáladh imeachtaí cultúir a leag béim ar na naisc láidre atá idir an dá chathair. 

 

Dúirt an Méara Keane, "Tá lúcháir orm a bheith in ann an fáilte iontach céanna is a léiríodh in Lorient do thoscaireacht Chathair na Gaillimhe i mí an Mhárta a léiriú do thoscaireacht Lorient. Tá toradh na gcuairteanna sin le feiceáil cheana féin leis na comhoibrithe iontacha atá tagtha chun cinn ó shin agus leagfar béim orthu sin le linn bhur gcuairte."

 

Bhí clár imeachtaí ar siúl i rith an deireadh seachtaine mar chuid d’Fhéile bhliantúil na Briotáine chun comóradh na nasctha a cheiliúradh, lena n-áirítear Bricfeasta Briotánach in Áras na nGael, Conair de Sheisiún Traidisiúnta agus Briotánach, Turas Báid an Chladaigh amach sa gCuan agus go leor eile. 

 

Is féidir clár iomlán Fhéile na Briotáine a fháil ar www.Galway-Lorient.eu/Celebrating-50-Years/

Related news