
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh iarratais ar mhaoiniú do thionscadail agus do chláir um chuimsiú sóisialta sa Chathair.
Soláthraíonn an scéim seo tacaíocht airgeadais do ghrúpaí agus eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa Chathair, a chuireann cuimsiú sóisialta chun cinn agus a chabhraíonn le pobail a chruthú inar féidir le gach duine a bheith rannpháirteach. Tá deontais ar fáil d’eagraíochtaí deonacha a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúis.
Cuir isteach d’iarratas ar https://galwaycity.submit.com/ . Nó is féidir na foirmeacha a fháil ó: Na Deontais um Chuimsiú Sóisialta, An Rannóg Tithíochta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh agus is féidir iad a íoschóipeáil ó suíomh idirlín Chomhairle Cathrach na Gaillimhe www.GalwayCity.ie.
Is é an 4 i.n, Dé Máirt 5 Lúnasa 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.