Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, fáilte roimh ionadaithe ó Bhád Tarrthála na Gaillimhe go Halla na Cathrach, Dé hAoine an 7 Samhain 2025, ag Fáiltiú an Mhéara chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain de Bhád Tarrthála na Gaillimhe.
Bunaíodh Bád Tarrthála na Gaillimhe sa bhliain 1995, tar éis roinnt eachtraí tarlú i gCuan na Gaillimhe. Thug coiste áitiúil an RNLI faoi fheachtas bailithe airgid do sheirbhís bád tarrthála, faoi stiúir Pat Lavelle, duine de bhunaitheoirí RNLI na Gaillimhe. Tar éis cruinniú poiblí, áit a bhfuair seirbhís bád tarrthála tacaíocht d’aon ghuth, d’fhógair an RNLI in Aibreán 1994 go mbainfí úsáid, ar bhonn measúnaithe bliana, as bád tarrthála Atlantic 21 i nGaillimh. I mí Dheireadh Fómhair 1995 chuaigh an chéad chriú deonach go dtí Lárionad Inshore Lifeboat in Cowes an RNLI ar Inis Iocht le hoiliúint a fháil agus tháinig bád tarrthála sealadach go Gaillimh an mhí dár gcionn. Bhí sé 30 bliain ó shin an mhí seo caite (Deireadh Fómhair) ó chuir an criú tús le hoiliúint in Cowes ar Inis Iocht. I Márta 2026, beidh 30 bliain imithe thart ó cuireadh Bád Tarrthála na Gaillimhe i mbun seirbhíse.
Dúirt Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tá cruth curtha ag an uisce ar Chathair na Gaillimhe – a bhfuil oidhreacht shaibhir mara agus tógtha againn mar thoradh air leis na céadta bliain, oidhreacht mhuilleoireachta, driogtha, bádóireachta agus iascaireachta, spásanna iontacha le haghaidh caitheamh aimsire agus inspioráid don chultúr agus don bhéaloideas. Cruthaíonn gealladh agus cumhacht an uisce, faraor, a dhúshláin féin freisin. Faraor, tá cleachtadh maith ag pobal chathair agus chósta na Gaillimhe ar chailliúint thragóideach daoine muinteartha agus cairde leo mar gheall ar chumhacht agus fuinneamh thar na bearta na farraige. Is tragóidí den chineál seo a thug inspioráid do dhaoine a theacht le chéile agus díograis, misneach agus tacaíocht a léiriú – go raibh siad ina laochra, a raibh géarghá leo, ina bpobail féin. Is ionann Seirbhís Bhád Tarrthála na Gaillimhe agus sampla de phobal ag teacht le chéile chun seirbhís ríthábhachtach a chur ar fáil ar mhaithe leis an bpobal.”
Tá foirne deonacha Bhád Tarrthála na Gaillimhe ar dualgas 24/7 ó bunaíodh an stáisiún, iad ullmhaithe chun dul ar farraige agus iad siúd atá i gcontúirt san uisce a tharrtháil.
Tá 35 oibrí deonach i stáisiún Bhád Tarrthála na Gaillimhe, ag cur seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil - ón gcriú a théann chun farraige, an criú atá ar an gcladach agus an criú tacaíochta, agus róil eile ar nós na ndaoine sin atá i mbun riaracháin agus bailiú airgid.
Ag labhairt dó faoi thiomantas agus faoi dhíograis na n-oibrithe deonacha, dúirt Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “In 2024, chuir RNLI chun farraige ar 23 ócáid, agus tháinig i gcabhair ar 17 duine. Cuireadh chun farraige ocht n-uaire i rith na hoíche. Chiallaigh sé sin go raibh 17 teaghlach ag fanacht ar an gcladach le tuairisc a fháil maidir lena ndaoine muinteartha. Agus ar an gcaoi chéanna, gan amhras, bíonn daoine muinteartha Oibrithe Deonacha Bhád Tarrthála na Gaillimhe ag fanacht le glaoch go bhfuil siad ar thalamh tirim arís agus ar an mbealach abhaile. Is cuma cén t-am de lá nó d’oíche, is cuma cén lá den bhliain – nuair a thagann an glaoch, fágfaidh criú Bhád Tarrthála na Gaillimhe a gcuid oibre nó a mbaile, chun teacht i gcabhair orthu siúd atá i mbaol báite.”
Mhol an Méara Cubbard, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, na hoibrithe deonacha go léir agus thug aitheantas dóibh as an ról a bhí acu agus tríocha bliain seirbhíse curtha isteach acu ar Bhád Tarrthála na Gaillimhe.
Dúirt Paul Carey, Bainisteoir Oibríochta an Bháid Tarrthála le RNLI na Gaillimhe, “Is pribhléid dom a bheith anseo inniu le haitheantas a fháil ón gCathair as an obair a chuireann ár gcriú deonach ar fáil agus iad ag cur seirbhís cuardaigh agus tarrthála ar fáil ar feadh 24 uaire an chloig i gCuan na Gaillimhe. Ní asainn féin a dhéanaimid an obair seo agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do na seirbhísí éigeandála a n-oibrímid go dlúth leo lena n-áirítear Garda Cósta na hÉireann, an Garda Síochána, Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, gníomhaireachtaí deonacha eile agus na stáisiúin chliathánacha RNLI ar Oileáin Árann agus sa Chlochán. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le muintir na Gaillimhe as a dtacaíocht le tríocha bliain anuas agus muid ag féachaint chun cinn ar an gcéad tríocha bliain eile agus níos faide chun cinn ag cabhrú le daoine a tharrtháil i gCuan na Gaillimhe nach féidir a áilleacht a shárú.”
Bhronn an Méara Cubbard scrolla frámaithe agus vása Galway Crystal ar Pat Lavelle agus ar Paul Carey, chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid d’Fháiltiú an Mhéara chun ómós a thabhairt do thríocha bliain de Bhád Tarrthála na Gaillimhe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Bhád Tarrthála na Gaillimhe, féach https://rnli.org/find-my-nearest/lifeboat-stations/galway-lifeboat-station