Fáldluí i bPáirc Uí Shúilleabháin

Hedge Laying

Cuirfear tús leis an bhfáldluí agus le cur na gcrann sna seachtainí amach romhainn i bPáirc Uí Shúilleabháin agus leanfaidh an obair ar aghaidh go dtí mí Eanáir.

An Cuspóir

Is é an cuspóir atá ann an fál atá ann a choinneáil, crainn nua a chur, an baol do dhaoine a úsáideann an pháirc a laghdú agus go mbeidh réiteach inbhuanaithe fadtéarmach ann.

Cad is fáldluí ann?

Is é is fáldluí ann scil thraidisiúnta tuaithe chun fálta sceach a bhainistiú ina ndéantar gais tor nó gais crann beag a ghearradh go pointe agus a lúbadh chun claí beo a fhorbairt a spreagfaidh an fás. Is fiú breathnú ar an bhfíseán 2.5 nóiméad seo ó Chumann Fáldluí na hÉireann ina ndéantar cur síos ar an bpróiseas. Beidh Cumann Fáldluí na hÉireann ag cur comhairle ar fáil faoin tionscadal seo nuair a chuirfear tús leis an obair.

Chuir éiceolaí Plean don Dúlra i gcrích níos túisce i mbliana, an obair sin maoinithe faoi thionscadal Chúinne an Ghiorria. Léiríodh sa phlean nach mór an fál a thabhairt ar ais go dtí an bhail a raibh sé ann.

Cén fáth a bhfuil fáldluí ar siúl againn i bPáirc Uí Shúilleabháin?

Tá an sean-sceach gheal measctha atá feadh na teorann le Kingspan imithe fiáin agus claonta agus is sraith de chrainn atá anois ann. Ní fhál atá ann níos mó agus tá bearnaí ina íochtar agus é trom as a bharr. Cuireadh é mar fhál, rud a fhágann go bhfuil sé curtha ró-dhlúth le haghaidh sraith de chrainn, agus go bhfuil cuid de tar éis titim. Is Riosca Sláinte agus Sábháilteachta é seo a gcaithfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aghaidh a thabhairt air.

Buntáistí an fháldluí

Tá buntáistí ag baint leis an bhfáldluí ó thaobh na bithéagsúlachta agus an athraithe aeráide de. An toradh is fearr atá ann do na héin, do na feithidí agus don fhiadhúlra ná fál seanbhunaithe a choinneáil san áit a bhfuil sé. Tógann sé suas le 15 bliana d’fhál úr sula mbíonn sé in ann na buntáistí céanna a thabhairt do na héin, do na feithidí agus don fhiadhúlra. Nuair a bhaintear leas as an bhfáldluí, is féidir an fál seanbhunaithe a choinneáil agus athghineann sé é féin go gasta. Tá buntáistí ann don Athrú Aeráide chomh maith toisc go ndéanfaidh an fál seanbhunaithe carbón a ionsú agus a stóráil san ithir, mar a dhéanann anois. Sin i gcomparáid le fál úr. Blianta fada a bheidh ann sula mbíonn an fál úr in ann an oiread céanna carbóin a ionsú ón timpeallacht.

An impleacht eile a bheidh ann ná go mbeidh an cosán dúnta feadh na teorann seo go ceann roinnt seachtainí go dtí go mbeidh an obair curtha i gcrích. Sláinte agus sábháilteacht is cúis leis sin. 

Cén tionchar a bheidh ag an bhfáldluí agus ag cur na gcrann?

Is éard atá sa bhfál anois ná sraith de chrainn atá thart ar 5 mhéadar ar airde. Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad mar a bheadh 'scáthlán' ann taobh istigh den pháirc sa gcaoi is nach bhfuil aon fheiceáil ar an taobh thiar de shuíomh Kingspan. Nuair a chríochnófar na hoibreacha fáldluí ní bheidh an fál ach thart ar 1-1.5m ar airde agus beidh radharc soiléir ag daoine ar an taobh thiar de shuíomh Kingspan. 

Le himeacht ama ní bheidh an radharc chomh maith nuair a fhásfaidh an fál go dtí 2m, agus nuair a bheidh na crainn fásta agus leathnaithe amach. Féach thíos léaráidí a thugann léargas ar an gcaoi a mbreathnóidh na fálta amach anseo ó dhá cheann an fháil.

An cur chuige ‘gan aon ní a dhéanamh’?

Má chuirimid an cur chuige ‘gan aon ní a dhéanamh’ i bhfeidhm, is dócha go dtitfidh an fál anuas sna blianta atá romhainn, is é sin an fál ar fad nó cuid de. Má tharlaíonn a leithéid, ní bheidh na buntáistí céanna le baint as fál nua a chur agus a bheidh ann má choinnítear an fál reatha (cf. ‘Buntáistí an fháldluí’ thuas).

Páirc Uí Shúilleabháin

Location

 

Radharc 1 – Bliain 1

View 1- Year 1

 

Radharc 1 - Bliain 2

View 1- Year 2

 

Radharc 1 – Blian 5

View1- Year 5

 

Radharc 1 – Bliain 10

View 1- Year 10

 

Radharc 2 – ~Bliain 1

View 2 - Year 1

 

Radharc 2 – Bliain 2

View 2 - Year 2

 

Radharc 2 - Bliain 5

View 2 - Year 5

 

Radharc 2 – Bliain 10

View 2 - Year 10