Fógra i dtaobh Breithniú a dhéanamh ar Scéim a shocrú chun Rátaí a Laghdú i leith Maoine Folmha

Affordable Housing

Fógra i dtaobh Breithniú a dhéanamh ar Scéim a shocrú chun Rátaí a Laghdú i leith Maoine Folmha

Déantar foráil shonrach in alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, go bhféadfaidh comhaltaí tofa d’údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le rátaí a laghdú i leith réadmhaoine folmha agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi.

Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe breithniú ar scéim lena ndéantar foráil do laghdú ar rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus beidh feidhm ag an scéim sin sa bhliain airgeadais áitiúil 2026.

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal maidir leis an ábhar seo ina gclúdaítear go sonrach na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag scéim lena bhforáiltear do laghdú rátaí i ndáil le réadmhaoin fholamh ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil

Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 5pm Déardaoin, 16 Deireadh Fómhair 2025 agus iad a sheoladh ar ríomhphost chuig: rates@galwaycity.ie 

nó tríd an bpost chuig: 
SCÉIM CHUN RÁTAÍ A LAGHDÚ I LEITH MAOINE FOLMHA ROINN RÁTAÍ TRÁCHTÁLA, 
ROINN AIRGEADAIS, 
HALLA NA CATHRACH, 
BÓTHAR AN CHOLÁISTE, 
GAILLIMH 
H91 X4K8

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.galwaycity.ie

Sínithe:    Leonard Cleary,
        Príomh-Fheidhmeannach,
        Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Dar dáta: 2ú Deireadh Fómhair 2025