FÓGRA I dTAOBH DRÉACHTBHUISÉAD BLIANTÚIL 2026

budget

Tugtar fógra leis seo go bhfuil an Dréachtbhuiséad Bliantúil do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don bhliain airgeadais dar críoch 31ú Nollaig 2026 ullmhaithe agus go mbreithneoidh an Chomhairle Cathrach é ag Cruinniú Bliantúil Reachtúil an Bhuiséid a thionólfar Dé Luain, 24ú Samhain 2025 ar 3.00p.m. i Seomra na Comhairle de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

 

Faoi fhorálacha Alt 103 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, taiscfear cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil in Oifigí na Comhairle Cathrach ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh agus féadfar é a iniúchadh ann, saor in aisce, ag aon duine den phobal ó Dé Luain, 17ú Samhain 2025 ag am ar bith agus na hoifigí ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh.

 

Cuirfear cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas ar phraghas €4.00 agus beidh sé ar fáil freisin le híoslódáil ar ár suíomh gréasáin ag www.galwaycity.ie

 

Arna dhátú:   13 Samhain 2025

 

Sínithe:            Helen Kilroy,

Stiúrthóir Airgeadais & Stiúrthóireacht Forbartha Corparáidí.