
Tugtar fógra leis seo go gcuirfidh Mary Keaney, Iniúchóir an Rialtais Áitiúil, tús leis an iniúchadh ar chuntais an údarás áitiúil thuasainmnithe, don bhliain airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2024, ar an 20 lá de Lúnasa 2025 de réir Airteagal 17 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais agus Iniúchta) 2014. Éistfidh Iniúchóir an Rialtais Áitiúil le hagóidí in aghaidh aon ní nó in aghaidh nithe sna cuntais réamhluaite le linn an iniúchta.
Ba chóir fógra i scríbhinn ar aon agóid bheartaithe, ina leagtar amach na sonraí ábhartha agus na cúiseanna a bhfuil an agóid á déanamh, a chur chuig Iniúchóir an Rialtais Áitiúil, Bóthar an Choláiste, Gaillimh laistigh de dheich lá de thosach feidhme an iniúchta.
Beidh na ráitis bhliantúla airgeadais ar fáil le linn uaireanta oifige lena niniúchadh ag gach duine ar feadh seacht lá roimh thosach feidhme an iniúchta.
Arna dhátú an 07 lá de Lúnasa 2025
Arna shíniú: Leonard Cleary
Príomhfheidhmeannach
Notice of Commencement of Audit 2024 Announcement August 2025 GAEILGE.pdf