Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chur in iúl d'íocóirí rátaí go mbeidh ús á charnadh ar rátaí tráchtála 2025 nach bhfuil íoctha ag ráta bliantúil 8% ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
Tá sé seo leagtha amach sa reachtaíocht faoi Alt 12 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019. Tá eolas faoin gcaoi a ngearrfar an t-ús thíos.
CÉN FÁTH?
Déantar foráil san Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 maidir le hús a ghearradh ar rátaí ó 2025 nach bhfuil íoctha fós ón 1 Eanáir 2026.
CÉN CHAOI?
Tabhóidh aon rátaí ó 2025 nach mbeidh íoctha faoin 31 Nollaig 2025 ús laethúil 0.0219% (APR 8%) ón 1 Eanáir 2026 go dtí go mbeidh siad íoctha. Cuirfear an t-ús in aghaidh do chuntais ag deireadh 2026.
NÍ GHEARRFAR ÚS AR CHUSTAIMÉIRÍ ATÁ I gCOMHAONTUITHE ÍOCAÍOCHTA COMHAONTAITHE AGUS ATÁ COTHROM LE DÁTA
SAMPLA
€3,000 an bille rátaí bliantúil atá ag Custaiméir A. Ní íocann siad a mbille in 2025. Íocann siad €1,500 an 1 Iúil 2026 agus bíonn €1,500 fós le híoc acu ag deireadh 2026. Gearrfar ús €60 ar Chustaiméir A ar an íocaíocht dhéanach agus ús €120 ar an iarmhéid atá fós le híoc ag deireadh 2026. Cuirfear ús €180 in aghaidh an chuntais ag deireadh 2026.
Íoc do bhille rátaí faoi dheireadh na bliana nó déan teagmháil le do bhailitheoir ioncaim chun plean íocaíochta a phlé.
De rogha air sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig na Rátaí ar an uimhir 091 536400 nó ríomhphost a sheoladh chuig rates@galwaycity.ie.