Fógraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil Infheistíocht Mhór á déanamh i Soilse Nollag ionas gur Glinne an Ghlioscarnach i mBliana

Pádraic Ó Conaire enjoying Christmas

Is cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil curtha go mór leis an infheistíocht i soilse Nollag na cathrach ionas gur mó an ghlioscarnach agus an gliondar a bheidh leis an bhféile ag muintir na cathrach, lucht gnó agus cuairteoirí.

Luaigh an Clr Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe, ag fáiltiú roimh an bhfógra: “Ábhar mórtais agus gliondair ag muintir na Gaillimhe na soilse Nollag agus is láidre, gile, glinne a bheidh siad i mbliana. Is teist an infheistíocht seo ar dhúthracht na Comhairle ag treisiú le gnólachtaí na cathrach, i mbun ceiliúrtha ar shaoithiúlacht na cathrach, agus ag cur siamsa agus féile ar bun a fhóireann don uile dhuine—an Gaillimheach ó thús a shaoil agus an cuairteoir nach bhfuil ach cúpla lá inár measc. Is mian liom buíochas a ghabháil le mo chuid comhghleacaithe ar an gComhairle a sheas leis an mbeart seo agus a chuidigh le glioscarnach geal a chruthú i nGaillimh atá oiriúnach do mheon na féile.”

Leis an infheistíocht bhreise seo, maoineofar clár cuimsitheach feabhsúcháin agus leathnúcháin maidir le soilse na Nollag sa chathair, lena n-áirítear:

  • Leathnú leis an bhfeisteas ag an bPóirse Caoch, ag cur lenar feistíodh chomh breá sin sa bhliain 2024 ionas go dtarlaíonn soilsiú breise ar ghnéithe stairiúla lár na cathrach.
  • Feisteas soilse nua den aonchineál amháin ag Duga an Chladaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht maraíochta na Gaillimhe le lárghné shuntasach phictiúrtha.
  • Feisteas nua-aimseartha de chineál na linne seo ar chuma “chrann” Nollag ag an timpeallán i mBóthar na Trá a spreagfaidh meon fáiltiúil na féile sa chuairteoir agus sa Ghaillimheach ag teannadh isteach le Bóthar na Trá dóibh.
  • Soilse nua ag an gCraein Bheag ionas go gcruthaítear spás tarraingteach comhluadair d’fhaiche na comharsanachta sin i lár an gheimhridh.
  • Obair deisiúcháin agus forfheabhsúcháin ar fud na cathrach ar mhaithe le soilse gan bhriseadh, gnéithe inmharthanachta, agus cuma níos gile gliondraí ar an gcathair i rith thréimhse na féile.

Is féidir an infheistíocht seo a dhéanamh mar gheall ar chinneadh Chomhairleoirí Cathrach na Gaillimhe na rátaí tráchtála a ardú — beart nárbh éasca ach ba riachtanach lena chinntiú gur féidir leis an gcathair leanúint den infheistíocht i dtionscnaimh a threisíonn go díreach le gnólachtaí áitiúla agus a chuireann leis an bhfearann poiblí.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chathair na Gaillimhe gur “mó ná maisiúchán atá i gceist le soilse na Nollag i nGaillimh—is comhartha iad ar mhuintearas an phobail, ar an gceiliúradh agus ar bhríomhaireacht i gcúrsaí eacnamaíochta. Athinfheistíocht atá i gceist le clár leathnaithe na bliana seo i lár na cathrach agus i gcomharsanachtaí na cathrach go díreach, d’fhonn cur le trácht coisithe, le mórtas as an gcathair agus leis an bhfonn ceiliúrtha sin a fhágann Gaillimh ina háit speisialta i rith na Nollag.”

Beidh ciste á chur ar fáil do chlár bearta agus imeachtaí éagsúla idir dhá Nollaig, ar a n-áirítear ócáid a fheilfidh don teaghlach i lár na cathrach ar Oíche Chinn Bhliana atá á leagan amach ag Oifigeach Gheilleagar na hOíche, Kate Howard.  

D’fhonn cur leis an bhfeabhas ar na soilse, beidh feachtas ‘Siopadóireacht go hÁitiúil faoi na Soilse Geala’ á sheoladh go gairid ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe d’fhonn muintir na háite agus cuairteoirí a spreagadh le fónamh do mhiondíoltóirí neamhspleácha, caiféanna agus soláthraithe seirbhísí na Gaillimhe i rith fhéile na Nollag. Beidh ábhar bolscaireachta, tuairiscí faoi ghnólachtaí áitiúla ar na meáin shóisialta, agus imeachtaí ceiliúrtha ag baint leis an bhfeachtas d’fhonn spéis agus meon an phobail a spreagadh i gcomhar le grúpaí gnó na cathrach. 

Is breá le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chomh maith leis sin, a bheith ina hurra le comórtas ‘Ghnólacht Dea-fheistithe na Gaillimhe’ i gcomhar le Comhlachas Lucht Tráchtála na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge. Tugtar cuireadh do ghnólachtaí na n-earnálacha ar fad na fuinneoga agus an t-éadanas a mhaisiú ar bhealach a thagann le meon cheiliúradh na Nollag i nGaillimhe. Moltar do na hiarrthóirí gnéithe i nGaeilge a bheith mar chuid den mhaisiú d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar chathair dhátheangach na Gaillimhe. Eagrófar vótáil ar líne don phobal ionas gur féidir le muintir na háite an saothar maisiúcháin is fearr leo a roghnú agus cruthaitheacht an lucht gnó a mholadh. Beidh gné-ábhar bolscaireachta, duaiseanna agus aitheantas le fáil ag na buaiteoirí as an gcion tairbhe a dhéanann siad ag cur le meon na Nollag i nGaillimh. Is deis an comórtas cairdiúil seo le cur le trácht coisithe, rannpháirtíocht an phobail a spreagadh agus cruthaitheacht lucht gnó na Gaillimhe a léiriú.

Gile agus Gliondar na Gaillimhe – bígí linn! 

Baineann na tionscnaimh seo le dúthracht ghinearálta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le beocht cultúir, seasmhacht eacnamaíochta agus infheistíocht logánta.