‘Gaillimh Ah-Boo!’ seolta i gCathair na Gaillimhe – Ceiliúradh Draíochtúil ar Shamhain agus ar an Seanchas

Launch of Gaillimh Ah Boo

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe seoladh Gaillimh Ah-Boo! a sheoladh, clár nua ceannasach Oíche Shamhna ina dtabharfar bunús ársa Ceilteach na Samhna chun cuimhne trí cheiliúradh ar an miotas, draíocht agus pobal ar fud na cathrach. Is cuid de Home of Halloween, Scéim Phíolótach Forbartha Cinn Scríbe Fáilte Ireland, an tionscnamh seo ina ndéantar fíorbhaile domhanda Oíche Shamhna d’Éirinn.

 

Tugtar ardán, ar an suíomh gréasáin nua – www.gaillimhahboo.ie – don chlár iomlán imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud Chathair na Gaillimh i rith mhí Dheireadh Fómhair agus ag tús mhí na Samhna. Ó thaispeántais a scanróidh tú go dtí scéalaíocht thumthach tugann Gaillimh Ah-Boo! cuireadh do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon eolas a chur ar Oíche Shamhna ar an gcaoi a mbídís á ceiliúradh fadó, bunaithe ar an seanchas, féastaíocht agus tine.

 

I measc bhuaicphointí Fhéile na Samhna i gCathair na Gaillimhe beidh:

  • Paráid Mhacnas: Beidh sráideanna na Gaillimhe beo arís leis an miotas agus draíocht nuair a thabharfaidh lucht paráide mór le rá na Gaillimhe faoina mhórshiúl mórthaibhseach ar an 26 Deireadh Fómhair.
  • Féasta Fómhair: Ceiliúradh a bheidh anseo ar bhia agus ar splanc leis an gcócaire JP McMahon chun ómós a léiriú don traidisiún Ceilteach a bheith ag sábháil agus ag scéalaíocht aimsir an Fhómhair in Eaglais San Niocláis Oíche Shamhna.
  • Siúlóidí & Turais Seanchais: Eispéiris rannpháirtíochta ina bhfiosrófar spioraid, finscéalta agus deasghnátha an Iarthair le Dark History Tours agus siúlóid ealaíon trasna na Cathrach.
  • Imeachtaí faoi stiúir an Phobail: Tiocfaidh ealaíontóirí áitiúla, scoileanna agus grúpaí cultúir le chéile chun séasúr bríomhar den cheiliúradh a chruthú, imeacht damhsa taibhsiúil ar an bhFaiche Mhór agus mórshiúl Lá na Marbh ina measc.

 

Is éard a bhí le rá ag Clr Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe faoi sheoladh an chláir:

Tá Oíche Shamhna fréamhaithe go domhain i gcultúr na hÉireann agus tá Gaillimh mórtasach urraim a thabhairt do na traidisiúin sin le Gaillimh Ah-Boo! Tugtar an chuid is fearr dár gcruthaitheacht, pobal agus oidhreacht le chéile leis an gclár seo. Bheinn ag moladh do gach uile dhuine a bheith páirteach ann agus an draíocht a bhaineann leis an tSamhain i nGaillimh a fheiceáil dóibh féin.”

 

Is éard a dúirt an Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

Is deis mhór atá in “Gaillimh Ah-Boo!” chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár n-oidhreacht agus ardán a thabhairt do spiorad cruthaitheach mhuintir na Gaillimhe. Tá ríméad orainn a bheith páirteach i dtionscnamh Home of Halloween Fáilte Ireland agus táimid ag súil go mór le bheith ag obair le pobail, gnólachtaí agus ealaíontóirí na Gaillimhe chun clár den scoth nach ndéanfar dearmad air a chur ar fáil. Tugaimid cuireadh do gach uile dhuine féachaint ar an suíomh gréasáin agus a bheith páirteach sa séasúr draíochtúil seo.”

 

Tacaítear leis an gclár Gaillimh Ah-Boo! tríd an maoiniú  bliantúil suas le €100,000 a fhaigheann sé faoin scéim Home of Halloween a bheidh ar siúl ó 2025 go 2028 agus cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe maoiniú díreach ar fáil freisin ina leith chomh maith lena chur i gcrích. Tá an clár seo treisithe ag comhpháirtithe féile an tionscadail - Féile Coiméide na Gaillimhe, Líonra Bia Blás, Féile na Leanaí Baboró, agus Bia ar an Imeall - agus ag na tionscnaimh pobail - Féile Ealaíon an Taoibh Thoir agus cláir Geilleagair Oíche Chathair na Gaillimhe.  Meastar go meallfaidh an tionscnamh seo na mílte cuairteoirí go Cathair na Gaillimhe agus cuirfidh sin borradh faoin ngeilleagar áitiúil agus síneadh le séasúr na turasóireachta amach go míonna an fhómhair.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile agus an clár iomlán a fheiceáil ar www.GaillimhAhBoo.ie