Gairdíní Báistí Nua agus Sábháilteacht Fheabhsaithe de bharr na Scéime Taistil Ghníomhaigh ar an gCorrán/Bhóthar na Mara

An image of a rain garden installed at The Crescent / Sea Road junction

Tá céad ghairdíní báistí riamh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi bhláth anois agus ag cur dathanna áille glé ar fáil sa gcathair.  Mar chuid d’Uasghrádú Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara a críochnaíodh le gairid, a chur Rannóg Taistil Ghníomhaigh na Comhairle i gcrích, suiteáladh dhá ghairdín báistí nua, chomh maith le sraith feabhsuithe sábháilteachta do gach úsáideoir bóithre.  

Is cineál nua tírdhreachaithe é gairdín báistí a chabhraíonn le tuilte a chosc agus draenáil a fheabhsú trí uisce báistí a ghabháil agus a ionsú.  Suiteáladh an dá ghairdín báistí ag acomhal an Chorráin agus Bhóthar na Mara i limistéir a bhí mar chuid den bhóthar roimhe seo, atá cúngaithe anois.  Tógadh cosáin nua níos leithne sa spás sin chomh maith.  Trí leithead an bhóthair a laghdú, laghdaíodh luasanna tráchta feithiclí agus amanna trasnaithe do shiúlóirí agus do rothaithe, rud a fheabhsaíonn sábháilteacht agus compord an bhóthair. 

Mar chuid den scéim sin freisin, tógadh cosán nua ar feadh an Chorráin, ag nascadh Stad Bhus 401 leis an Ionad Leighis.  Roimhe sin, ní raibh aon chosán ar an taobh sin den bhóthar.  Suiteáladh dhá chrosaire nua do choisithe freisin, agus tá oibreacha feabhsuithe sábháilteachta nua curtha i gcrích amach ar aghaidh Scoil Fhursa atá in aice láimhe mar chuid den chlár Bealaí Sábháilte ar Scoil.  Mhair oibreacha an tionscadail thart ar chúig mhí agus cuireadh i gcrích iad i mí Márta na bliana seo.

A photograph of the newly installed rain gardens at The Crescent/Sea Road junction

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag Clár Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair.  Ceapadh John Madden and Sons Ltd. ina bpríomhchonraitheoirí, agus ba Clifton Scannell Emerson Associates (CSEA) a bhí ina n-innealtóirí comhairliúcháin.

Mhínigh Frank Clancy, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach ó Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, na buntáistí a bhaineann leis na gairdíní báistí nua.  “Is córas draenála inbhuanaithe sách simplí iad gairdíní báistí atá bunaithe ar an dúlra.  Tá siad deartha chun ráta rith chun srutha na báistí ó bhóithre agus ó chosáin isteach i bpíopaí draenála faoi thalamh a laghdú.  Trí úsáid a bhaint as plandaí a roghnaíodh go speisialta, is féidir leis an ngairdín báistí uisce breise a sháithiú, gníomhú ina thaitneamhacht dheas amhairc i dtimpeallacht uirbeach, agus an bithéagsúlacht a fheabhsú.

Is iad gairdíní báistí Bhóthar na Mara na chéad ghairdíní dá leithéid i gCathair na Gaillimhe agus tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe iad a úsáid arís in áiteanna eile. Cuirfear an dearadh in oiriúint i gcónaí don suíomh sonrach agus do na píopaí draenála faoi thalamh atá ann cheana.”

Tá an bonneagar nua taistil ghníomhaigh sa réimse seo á úsáid ag líon mór daoine gach lá, lena n-áirítear iad siúd atá ag freastal ar scoileanna agus ar choinní leighis in aice láimhe. 

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard fáilte roimh chur i gcrích na scéime seo.  “Cuirtear fáilte roimh na hoibreacha ar an gCorrán agus ar Bhóthar na Mara agus téann siad chun tairbhe do gach úsáideoir bóithre sa gceantar seo.  Trí chosán nua, trasnuithe nua agus bearta sábháilteachta feabhsaithe a shuiteáil ag Scoil Fhursa, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh taisteal gníomhach níos tarraingtí agus níos sábháilte do dhaoine de gach aois.  Cuireann na gairdíní báistí nua go mór le luach aeistéitiúil an cheantair mar aon le go leor buntáistí tábhachtacha agus praiticiúla a chur ar fáil ag an am céanna.  Táim ag súil le tacú le rolladh amach tuilleadh tionscadal dá leithéid sna blianta atá ag teacht.”

I dteannta Scéim an Chorráin/Bhóthar na Mara, tá tionscadal taistil ghníomhaigh eile á thógáil ar Bhóthar an Bhaile Bháin agus ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin faoi láthair.  Cuirfear tús leis an obair tógála ar Bhóthar Stiofáin go luath faoin Scéim Taistil Ghníomhaigh, agus ar thrasnú coisithe nua a thógfar ar Bhóthar na hOllscoile, trasna ó Ardeaglais na Gaillimhe.  Tá iarratas pleanála curtha isteach freisin maidir le Scéim Rothaíochta Bhóthar Dáileacháin an Iarthair.

Related news