
Cheadaigh na Comhaltaí Tofa infheistíocht stairiúil i dtionscadail chaipitil i gCathair na Gaillimhe inniu, agus ceadú chun iasacht €60 milliún a fháil chun tús a chur le tionscadail chlaochlaitheacha lena n-áirítear máistirphleananna spóirt agus athfhorbairt Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe.
Leanann an cead seo plé domhain idir Comhaltaí Tofa agus Ardbhainistíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tar éis na dtoghchán áitiúil i mí an Mheithimh 2024, chun príomhthosaíochtaí agus príomhchuspóirí a shainaithint do théarma cúig bliana na comhairle seo (2024-2029).
Foilsíodh tosaíochtaí ar fud na cathrach i dtuarascáil i mí na Samhna 2024.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Hubbard, “Léiríonn an ceadú chun dul ar aghaidh leis an iarratas ar iasacht €60 milliún seo inniu an mhuinín agus an dearfacht atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe inár gcathair - is cathair óg, bhríomhar, oilte, ealaíonta, Ghaeltachta í seo, agus tá traidisiún fada aici, os cionn 800 bliain staire, ina calafort trádála ina mbítear ag féachaint chun cinn. Is infheistíocht inár dtodhchaí é an cinneadh seo - tús a chur leis na hoibreacha cumasúcháin do thionscadail cheannródaíocha lena n-áirítear na máistirphleananna spóirt.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, “Is féidir an infheistíocht chaipitil seo a dhéanamh mar thoradh ar roinnt cinntí deacra a rinne na Comhaltaí i ndeireadh na bliana 2024, chun an cistiú atá ar fáil don Chomhairle Cathrach a mhéadú trí choigeartú a dhéanamh ar an gCáin Mhaoine Áitiúil agus ar Rátaí Tráchtála. Tá toradh ar an gcinneadh sin anois, ós rud é go bhfuilimid in ann iarratas a dhéanamh ar infheistíocht an-mhór i mbonneagar caipitil inár gcathair. Beidh roinnt spásanna nua claochlaitheacha agus saoráidí cultúir amhail Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Máistirphleananna i mBaile an Rí, sa bPáirc Theas agus ar an Rinn Mhór. Ina dteannta sin beidh roinnt príomhthionscadail oibríochta a chothaíonn agus a dhéanann cathair ináitrithe den chathair - amhail uasghráduithe ar shoilsiú poiblí tar éis an damáiste a rinne Stoirm Éowyn, nó talamh a fháil chun tacú le tuilleadh forbartha pobail. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag ullmhú chun na tionscadail seo a chur i gcrích - trí Stiúrthóireacht um Fhorbairt Tionscadal nua a bhunú, earcú leanúnach na ndaoine agus na scileanna speisialaithe a theastaíonn chun na tionscadail sin a chur i gcrích, agus ullmhú dár n-aistriú chuig oifigí cathartha nua ina mbeidh an spás againn chun leathnú agus freastal ar na daoine a theastaíonn uainn. Is léiriú é an ceadú iasachta a fuarthas inniu go bhfuil sé ar intinn againn go bhfanfaidh Cathair na Gaillimhe ina cathair den chéad scoth chun maireachtáil inti, infheistíocht a dhéanamh inti, a bheith ag obair inti nó cuairt a thabhairt uirthi, agus go gcumasófar clár mór tionscadal mar thoradh ar chinneadh an lae inniu”.
Tá liosta iomlán tionscadal sceidealaithe d’infheistíocht agus oibreacha a chumasú ar fud Rannóga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar fad, agus ar fud gach limistéar den chathair. Tá tús curtha le go leor acu agus tá siad sna céimeanna deartha/pleanála. Áirítear leo sin:
- Máistirphleananna i mBaile an Rí, sa bPáirc Theas agus ar an Rinn Mhór (talamh a fháil agus oibreacha a chumasú);
- Athfhorbairt Pháirc Bharr an Chalaidh;
- Páirceanna ag Lána an Mhuilleora;
- MUGA nua ar an Rinn Mhór;
- Tionscadail chaipitil spóirt eile a chur i gcrích amhail draenáil páirce agus páirc scátála i nDamhach Uisce;
- Athfhorbairt Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe;
- Uasghráduithe ar Shaoráidí Cultúir sa gCathair;
- Uasghráduithe ar shoilse poiblí, tar éis an damáiste a rinne Stoirm Éowyn;
- Oifigí cathartha nua a fheistiú chun freastal ar an bhfoireann oibre
Cuirfidh bunú an Chiste Caipitil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar chumas an údaráis áitiúil coinneáil ag imeacht agus moilleanna ar chur i gcrích tionscadail a sheachaint - mar shampla, de réir mar a bhogann tionscadail trí chéimeanna soláthair agus conartha, nó solúbthacht a cheadú de réir mar a dheimhnítear costais tionscadail. Cuirfidh an ciste ar chumas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin sruthanna maoinithe náisiúnta agus Eorpacha a lorg chun na tionscadail atá beartaithe a chur i gcrích, áit a bhfuil gá le maoiniú meaitseála.
Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg cead foirmiúil anois tar éis chinneadh an lae inniu chun an iasacht a fháil ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus chun téarmaí iasachta agus íostarraingthe a chomhaontú leis an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe. Cuirfear tús le próiseas pleanála buiséid 2026 i gComhairle Cathrach na Gaillimhe i R3 2025, rud a spreagfaidh an próiseas iarratais ag an bpointe seo. Déanfar an iasacht a aisíoc thar théarma 30 bliain, agus táthar ag súil go mbeidh aisíocaíocht bhliantúil €3.1 milliún á déanamh.