
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cuardach léiriú spéise chun Pictiúrlann Sainealaíne an Pháláis a reáchtáil.
Tá sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ‘mhaoin’ a chur ar fáil gan aon mhuirear ar léas fadtéarmach d’oibreoir amháin. Ní chuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon tacaíochtaí airgeadais eile ar fáil maidir le hoibriú na maoine.
Is pictiúrlann sainealaíne le trí scáileán agus 322 suíochán í Pictiúrlann Sainealaíne an Pháláis (dá dtagrófar anseo feasta mar ‘an mhaoin’) atá suite i lár Chathair na Gaillimhe. D’oscail an phictiúrlann in 2018 agus bhí Picture Palace Cinema Ltd ina bun go dtí gur dúnadh í i mí Feabhra 2025. Tá an mhaoin ar Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach agus is le Comhairle Cathrach na Gaillimhe í. Is pictiúrlann le trí scáileán í an mhaoin leis an acmhainneacht seo a leanas; Scáileán 1 (161 suíochán), Scáileán 2 (68 suíochán) agus Scáileán 3 (93 suíochán)
Áirítear ar na háiseanna eile oifig na dticéad, siopa botha, cistin, spás le haghaidh caifé / beár agus spás oifige. Mhol athbhreithniú neamhspleách tráchtála a rinneadh le déanaí ar an ‘maoin’ a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí rogha le breithniú a dhéanamh orthu. Orthu sin bhí:
-
Athoscailt na maoine mar spás cultúir ina mbeadh pictiúrlann amháin ag feidhmiú agus feidhm eile a bhaint as áiteanna eile le haghaidh úsáid phoiblí agus chultúir.
-
Feidhm eile a bhaint as an maoin chun bheith níos dírithe ar chúrsaí turasóireachta agus béim á leagan ar thurasóireacht chultúir.
-
Athchumraíocht a dhéanamh ar an maoin chun oibriú ina mheascán de spás tráchtála a ghineann cíos bhliantúil chomh maith le spás a leithdháileadh d’úsáid an phobail.
Níl an léiriú spéise teoranta do na moltaí seo. Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a gcoincheap beartaithe féin maidir le húsáid an láithreáin agus a samhail oibríochtúil féin atá inmharthana ó thaobh airgeadais de a chur isteach. Oibreoidh an té a éireoidh leis an mhaoin ar bhealach a thagann le cáil idirnáisiúnta na cathrach don chultúr agus don ealaíon.
Beifear in ann an mhaoin a fheiceáil ar an 18 Meitheamh 2025 ach sin do dhaoine a bhfuil coinne déanta acu. Moltar go mór do pháirtithe leasmhara an deis seo a thapú sula gcuireann siad a dtograí isteach. Déan teagmháil le events@galwaycity.ie chun d’áit a dheimhniú.
-
Sonraíocht na Riachtanas
Céim 1 - Léirithe spéise agus cruthúnas ar airgeadas.
I gCéim 1 beidh ar na páirtithe leasmhara achoimre dá bhfís maidir le hoibriú na ‘maoine’ amach anseo a thabhairt chomh maith le cás láidir gnó. Cuirfidh an cás gnó achoimre den chur chuige oibríochtúil bliantúil i láthair, chomh maith le léiriú d’inmharthanacht ó thaobh airgeadais de agus cur chuige chun lucht spéise a ghiniúint. Sa chéim seo, beidh ar na páirtithe leasmhara a n-acmhainneacht airgeadais chun an ‘mhaoin’ a oibriú a léiriú. Beidh gá le cruthúnas go bhfuil rochtain ar chistí a bheidh mar bhonn taca le hinmharthanacht airgeadais a dtogra. Ní bheidh páirtithe nach bhfuil in ann a n-acmhainneacht airgeadais a léiriú ná rochtain ar chistiú a chruthú incháilithe chun bogadh ar aghaidh chuig céim 2 den phróiseas roghnaithe.
Céim 2 - Plean gnó mionsonraithe a chur isteach
Tabharfar cuireadh do pháirtithe ar éirigh leo i gcéim a haon agus a thagann leis an gcritéir airgeadais plean gnó cuimsitheach a chur isteach bunaithe ar a dtogra d’úsáid an tsuímh agus ar an tsamhail oibrithe a bhaineann leis. Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a bheidh ar an ngearrliosta a bplean gnó a chur i láthair do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i mí Mean Fómhair 2025. Níl sé de cheangal ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe glacadh le togra atá á thairiscint ag aon pháirtí.
-
Próiseas Léirithe Spéise
Critéir Dhámhachtana Chéim 1
Úsáidfear na critéir dhámhachtana airgeadais agus cásanna gnó seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar léirithe spéise chéim a haon.
1.1 Acmhainneacht Airgeadais
|
Critéir Dhámhachtana |
An Scór is Airde atá ar Fáil |
An Scór Íosta is Gá |
A |
Acmhainneacht airgeadais agus rochtain ar chistiú a chruthú. |
Pas / Teip |
Critéar A - Acmhainneacht Airgeadais
Beidh ar pháirtithe leasmhara a léiriú go bhfuil a samhail oibríochtúil beartaithe inmharthana ó thaobh airgeadais de. Beidh ar iarratasóirí cruthúnas ar rochtain ar chistí a chur ar fáil do chaiteachas caipitiúil a bhaineann le leagan amach na ‘maoine’ atá ag teacht lena samhail oibríochtúil. Ní mór cruthúnas ar rochtain ar chistí chun riachtanais chaipitil oibre a fhrithghealladh a chur ar fáil freisin.
Tá sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ‘mhaoin’ a chur ar fáil gan aon mhuirear ar léas fadtéarmach d’oibreoir amháin. Ní chuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon tacaíochtaí airgeadais eile ar fáil maidir le hoibriú na maoine.
Mura léirítear cruthúnas ar rochtain ar chaipiteal agus ar chistiú, ní chuirfear na páirtithe san áireamh sa phróiseas roghnúcháin.
1.2 Coincheap Oibriúcháin
|
Critéir Dhámhachtana |
An Scór is Airde atá ar Fáil |
An Scór Íosta is Gá |
B |
Rialú / Bainistiú |
3,000 |
1,500 |
C |
Cás Gnó |
5,000 |
2,500 |
D |
Comhshaol |
1,000 |
500 |
Critéar B - Rialú / Bainistiú (750 focal ar a mhéad)
Deimhneoidh na páirtithe leasmhara struchtúr dlíthiúil an oibritheora bheartaithe. Ní mór do pháirtithe leasmhara breac-chuntas a thabhairt ar a dtaithí ar shaoráidí oibriúcháin agus / nó ar sheirbhísí a bhfuil raon feidhme agus méid chomhchosúil acu go bunúsach. Is féidir le heintitis a bhfuil dea-theist orthu maidir le hionaid chomhchosúla a oibriú/a chlárú tagairt a dhéanamh do chliaint shásta mar mholtóirí.
Critéar C - Cás Gnó (2,000 focal)
Ba cheart do pháirtithe leasmhara forléargas a chur isteach ar a dtograí maidir le hoibriú úsáid ‘maoine’ na maoine. Áireofar sna tograí sonraí maidir leis na nithe seo a leanas, ach níl sé teoranta dóibh:
- Croí-úsáid bheartaithe na maoine.
- Samhail airgeadais nasctha le réamh-mheastacháin bhliantúla.
- Samhail oibríochtúil
- Mealladh lucht spéise agus margaíocht
- Ailíniú straitéiseach le Cultúr agus Ealaíon
Critéar D - Comhshaol (750 focal)
Féachann Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ngealltanais maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh agus cur chuige inbhuanaithe a chinntiú i leith oibríochtaí na maoine. Éilítear ar iarratasóirí a gcur chuige i leith na hinbhuanaitheachta a léiriú agus an chaoi a laghdóidh na hoibríochtaí an tionchar ar an gcomhshaol.
Céim 2 - Plean gnó mionsonraithe a fhorbairt
Páirtithe a bhainfidh amach na scóranna íosta is gá faoi na critéir uile agus a léireoidh a n-acmhainneacht airgeadais, iarrfar orthu plean gnó iomlán mionsonraithe a chur isteach chun an phictiúrlann a oibriú. Ba cheart gur plean gnó deich mbliana a bheadh san bplean gnó. Cuirfear creat táscach don phlean gnó ar fáil lena úsáid d’iarratasóirí a n-éireoidh leo i gcéim 2.
Tráthchlár
Is é an 30th Meitheamh 2025 an Dáta Deiridh chun Léirithe Spéise i gCéim 1 a chur ar aghaidh.
Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe athbhreithniú ar gach ábhar a chuirtear isteach. Meastar go gcuirfear páirtithe ar an eolas faoi thoradh Chéim 1 faoi mí Iúil 2025.
Meastar go gcuirfear an plean gnó i láthair agus go mbeidh cruinniú soiléirithe le páirtithe a chomhlíonann na critéir scórála íosta i mí Mheán Fómhair 2025.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- Tá diúscairt na dtailte go léir atá faoi úinéireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus téarmaí coinníollacha aon diúscartha den sórt sin faoi réir cheadú foirmiúil chomhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trí alt 183.
- Ní mór aon choinbhleacht leasa a bhaineann le hiarratasóir a nochtadh go hiomlán do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
- Forchoimeádann Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ceart an Léiriú Spéise (EOI) seo a tharraingt siar tráth ar bith, gan aon dliteanas na oibleagáid a thabhú.
- Ba chóir d’iarratasóirí a bheith ar an eolas, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2014, go bhféadfaí faisnéis a chuirtear ar fáil le linn an Chomórtais seo a nochtadh.