Limistéar Nua na gCluichí Ilúsáide Ainmnithe i ndiaidh Eugene Dunleavy, Múinteoir agus Buaiteoir Uile-Éireann a bhfuil an-chion air

opening of park

Tá Limistéar na gCluichí Ilúsáide nua i Rathún ainmnithe go hoifigiúil in onóir do Eugene Dunleavy, fear spóirt, buaiteoir uile-Éireann CLG, agus múinteoir a spreag grá don spórt sna céadta fear óg le linn a ghairme.  Rinne iarMhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, bean chéile Eugene Mary, agus a chlann iníon Valerie agus Carol, an t-ainmniú a cheiliúradh ag searmanas ainmniúcháin i mí na Bealtaine 2025.  

 

Rugadh Eugene i Maigh Eo i 1934. Bhog sé féin agus a theaghlach go Gaillimh áit ar oscail siad Óstán an Sacre Coeur i mBóthar na Trá - áit mhór le haghaidh imeachtaí spóirt.

 

Bhí baint mhór ag Eugene le spórt ag an leibhéal áitiúil - agus go náisiúnta mar bhall d'fhoireann mionúr CLG na Gaillimhe a bhuaigh craobh na hÉireann i 1952. 

 

Bhí sé ar dhuine de na chéad mhúinteoirí corpoideachais in Éirinn, agus chuaigh sé go dtí an Ríocht Aontaithe sna 1960idí chun saincháilíocht a bhaint amach. Ba é an chéad mhúinteoir corpoideachais cáilithe i nGaillimh é – agus chuaigh sé ag múineadh sa Bish.  Chaith sé 32 bliana ag obair sa scoil ina mhúinteoir corpoideachais ó 1967-1999. Le linn a chuid ama sa Bish, chuaigh sé i bhfeidhm ar go leor fir óga chun suim sa spórt a mhúscailt iontu. Óna chuid chéad laethanta sa Bish, spreag Eugene gach scoláire páirt a ghlacadh i spórt éigin – é ag iarraidh a thaispeáint dóibh go bhfuil ábhar áthais ag baint cinnte le bheith ag buachan cluichí agus go bhfuil ábhar áthais ag baint freisin le bheith páirteach iontu. 

 

Tar éis dó dul ar scor in 1999, d’fhill Eugene ar an scoil go rialta. Bhíodh sé ag tiomáint an ‘Bish Bus’ ar fud na tíre ag tabhairt foirne scoile chuig imeachtaí, agus ba charachtar spóirt é a raibh meas mór air. 

 

Bhásaigh Eugene Dunleavy in 2021, i bhfoisceacht mí dá 87ú breithlá. Thóg Covid ró-luath é, go sciobtha, nuair ba tréine an phaindéim, tar éis dó saol gníomhach agus gnóthach a chaitheamh ag dul chuig an ngiom, ag siúl gach lá agus ag imirt gailf, suas go dtí an t-am ar bhásaigh sé.  

 

Tá tionchar dearfach imeartha ag an tóir a bhí ag Eugene Dunleavy ar an spórt agus ar an oiread sin daoine i nGaillimh, ó Chraobh na hÉireann a bhuachan, na glúnta buachaillí óga a spreagadh agus cúnamh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh sa spórt. 

 

Ba í a iníon Valerie Leahy a d’ainmnigh Eugene Dunleavy mar chuid de chomhairliúchán poiblí chun an MUGA nua a ainmniú, i mí Aibreáin 2024. Mhol an Chomhairle an togra lena bhreithniú, agus ceadaíodh é. Cuireadh moill ar an ainmniú oifigiúil áfach mar gheall ar an damáiste a rinne Stoirm Éowyn don tsaoráid níos luaithe i mbliana. Nuair a bhí an obair dheisiúcháin déanta, rinneadh an t-ainmniú oifigiúil Dé hAoine an 23 Bealtaine 2025.

 

Tá an MUGA suite i Rathún in aice le hÓstán Glen Oaks.