Limistéar Suí Poiblí Nua ag Blackrock Cottage Seolta

Blackrock seating

Tá áit suí nua ‘chiorclach’, a tharraingeoidh aird daoine, seolta ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, ag Blackrock Cottage atá le taobh Thúr Tumadóireachta móréilimh na Carraige Duibhe ag Trá Bhratach Ghorm Bhóthar na Trá. Cuirfidh na suíocháin seo áit chiúin ar fáil do shnámhóirí farraige, do shiúlóirí ar an bprom agus do lucht faire domhanda chun stopadh agus radhairc Chuan na Gaillimhe a shú isteach ag an sainchomhartha cáiliúil seo i gCathair na Gaillimhe. Tá áit suí ann a oirfidh do dhaoine de gach aois agus leibhéal inrochtaineachta, agus tá sé déanta as ábhar simplí, marthanacha agus inbhuanaithe.

 

Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus McHugh Property Holdings, úinéirí Blackrock Cottage in aice láimhe, a d’fhorbair an áit suí mar chomhthionscadal idir an t-údarás áitiúil agus gnó áitiúil chun spás poiblí den scoth a chur ar fáil in áit a bhfuil an-tóir ag daoine air.

 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, “gur ceann de na rudaí beaga sin iad áiteanna suí i limistéir phoiblí a dhéanann áit níos cuimsithí, níos fáiltí agus níos beoga den fhearann poiblí. Is spás iad na suíocháin nua áille seo chun do scíth a ligean, sos a ghlacadh agus le bheith i dteagmháil leis an gcomhshaol agus le daoine eile. Tá ríméad orm an spás fáilteach seo, ar sampla iontach é den chomhoibriú idir an t-údarás áitiúil agus gnó príobháideach sa gcathair, a fheiceáil sa gCarraig Dhubh”.

 

Dúirt Seán Dockry, ó Seán Dockry agus Associates, “Tá an suíochán deartha chun freastal ar dhaoine de gach aois agus de gach leibhéal inrochtaineachta, ag tabhairt aitheantais d’éagsúlacht na ndaoine a úsáideann an spás seo ar bhonn laethúil. Tá limistéar coinnithe freisin do dhaoine atá i gcathaoireacha rothaí, tá codanna ann do dhaoine a bhfuil soghluaisteacht theoranta acu le suíocháin níos cúinge le ráillí láimhe orthu, agus tá codanna doimhne ann a oireann do dhaoine ar fearr leo suí siar nó crapadh anuas go dtí staidiúir níos ísle ar a nglúine.  Roghnaíodh na hábhair a úsáideadh bunaithe ar a simplíocht, marthanacht agus inbhuanaitheacht. Baineadh úsáid as plaisteach athchúrsáilte, cloch agus táirgí coincréite simplí agus socraíodh iad chun an cladach mar aon leis carachtar na farraige a léiriú. Tá an áit suí go léir tógtha i gcoinne líne fál glas thar an mballa aolchloiche, i gcomhréir le carachtar an cheantair. Tá ríméad orainn dul i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus McHugh Property Holdings chun an spás suaimhneach seo a chur ar fáil do na hamanna sin a dteastaíonn briseadh beag ón ngleo agus torann, ón teacht agus imeacht, agus ó éilimh an tsaoil laethúil. Is dearadh é a mbainfidh gach duine taitneamh as’.

 

Comhaontaíodh an limistéar nua suí ag céim na pleanála le forbróirí Blackrock Cottage, agus cuireadh na suíocháin ar fáil ar thailte poiblí mar chuid den chomhaontú. Is comhoibriú é an tionscadal seo idir McHugh Property Holdings Ltd agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.