
Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil maoiniú faighte aici ón gComhairle Oidhreachta chun Suirbhé Oidhreachta Dúchasaí a dhéanamh ar Bhaile an Dúlaigh, Cathair na Gaillimhe. Déanfar taifead sa suirbhé ar réimse leathan míreanna lena n-áirítear foirgnimh, obair mhiotalóireachta, litríocht, tagairtí béaloidis agus logainmneacha, agus úsáidfear é chun Plean Bainistíochta Caomhnaithe Fahy’s Farm a ullmhú – coimpléasc feirme dúchasaí atá faoi úinéireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tugtar cuireadh don phobal grianghraif, scéalta, léarscáileanna, líníochtaí nó eolas eile faoi theaghlaigh sa cheantar a roinnt. Bheadh an-suim ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag na comhairleoirí cloisteáil ón bpobal má tá aon ghrianghraif, léarscáileanna, líníochtaí, scéalta nó eolas stairiúil acu faoi na teaghlaigh sa cheantar trí conservation@galwaycity.ie.
Dúirt Michael Scott, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is éard is oidhreacht dhúchasach ann ná foirgnimh, struchtúir, agus gnéithe a chruthaíonn gnáthdhaoine ag baint úsáid as ábhair áitiúla agus modhanna traidisiúnta, gan dearadh ailtireachta foirmiúil. Is cuid bhunúsach é de thírdhreacha tuaithe agus uirbeacha araon, ag léiriú riachtanais áitiúla, cúinsí comhshaoil, agus traidisiúin chultúir.
Is nasc saibhir luachmhar í ár n-oidhreacht dhúchasach leis an ngnáthshaol - léireoidh an suirbhé seo a huathúlacht, agus cuirfidh sé le tuiscint, taitneamh agus cosaint oidhreacht dhúchasach Bhaile an Dúlaigh.”
Dúirt an Dr Jim Higgins, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Táthar ag súil go mbeidh bunús fhorbairt Bhaile an Dúlaigh nasctha le seandálaíocht luath na crannóige, le seandálaíocht mheánaoiseach an chaisleáin, chomh maith le forbairt iar-mheánaoiseach na lonnaíochta a d’fhéadfadh go bhfuil bunús luath iontach suntasach aige”.
Is iad Deirdre McDermott agus Áine Doyle a bheidh i mbun an tsuirbhé, a bhfuil taithí agus tuiscint leathan acu araon ar oidhreacht dhúchasach na hÉireann. Déanfar taifead sa suirbhé ar réimse leathan míreanna lena n-áirítear foirgnimh, obair mhiotalóireachta, litríocht, tagairtí béaloidis, logainmneacha, oidhreacht chaillte a aithint agus go leor míreanna eile.
Is comhthionscadal é an Suirbhé Oidhreachta Dúchasaí de chuid Chaomhnú Oidhreachta agus Ailtireachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Gníomh de chuid Phlean Oidhreachta Chathair na Gaillimhe 2025-2030 atá sa suirbhé agus tá sé maoinithe ag an gComhairle Oidhreachta agus Caomhnú Oidhreachta agus Ailtireachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.