
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais ar Cheadúnais Chorrthrádála anois le haghaidh Mhargadh Samhraidh San Nioclás a bheidh ar siúl i mí Iúil agus Lúnasa 2025.
Tá Margadh Samhraidh San Nioclás lonnaithe ar Shráid na Cille i gCathair na Gaillimhe. Is ón 12pm go 8pm, Céadaoin go hAoine laethanta trádála an mhargaidh samhraidh. €65 an méadar líneach an táille atá i gceist.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gCeadúnas Corrthrádála agus iarratas a dhéanamh le bheith páirteach i Margadh Samhraidh San Nioclás na bliana seo ar www.GalwayCity.ie/Services/Environment/Environment-Services/Casual-Trading-Licence
Is é an 18 Bealtaine 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.
Ná caill do sheans a bheith ag trádáil ag ceann de mhargaí samhraidh is spleodraí na Gaillimhe!