
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an cead pleanála atá faighte ag Uisce Éireann do Stáisiún Pumpála Pháirc Mhuirlinne ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, tionscadal bonneagair ríthábhachtach a bhfuil féidearthacht tithíochta ag baint leis agus lena gcuirfear fás inbhuanaithe chun cinn ar fud na cathrach.
Trí fhorbairt an tainc stórála faoi thalamh, cuirfear níos mó spás stórála fuíolluisce ar fáil i Stáisiún Pumpála Pháirc Mhuirlinne. Réiteofar an bealach leis an gceadú seo d’fhorbairtí tithíochta ar fud oirthear na Gaillimhe, Scéim Tithíochta Sóisialta agus Inacmhainne Choillte Mhuirlinne san áireamh.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard; “Is iontach an scéal é gur ceadaíodh an tionscadal seo. Cumasófar fás in oirthear na Gaillimhe amach anseo trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais fuíolluisce agus beidh sé ríthábhachtach maidir le tithe agus comharsanachtaí nua a chur ar fáil. Cuirfear fás ionchuimsitheach chun cinn go gníomhach agus oibreofar chun éilimh tithíochta atá ag dul i méid a chomhlíonadh le meascán de thithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus áiteanna cónaithe príobháideacha.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach, Leonard Cleary; “Is céim mhór í seo don bhonneagar i gCathair na Gaillimhe agus tagann sé le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 - 2029. Is forbairt an-dearfach í seo agus cuirfear tionscadail straitéiseacha tosaíochta chun cinn leis an bhforbairt in oirthear na Cathrach agus go háirithe cuirfidh sé ar chumas an Comhairle Cathrach agus an earnáil phríobháideach tithíochta atá de dhíth go géar a sholáthar.”
Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Elizabeth Fanning; “Cuirfidh an cead seo atá faighte ag Uisce Éireann deireadh le scrogall atá ag coinneáil siar forbairt tithíochta agus cuideoidh sé bunchloch a leagan do thodhchaí bhríomhar agus inbhuanaithe na Gaillimhe”.