
Shuiteáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe faoi Thionscadal na gCathracha Gníomhacha agus le maoiniú ón gCiste Aitheantais Pobail, 8 n-aonad BoxUp ar fud pháirceanna na cathrach.
Rinneadh maoiniú ar thionscnamh seo na gCathracha Gníomhacha trí Chiste Aitheantais Pobail na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Cuirfidh an réiteach nua agus nuálach seo maidir le trealamh saor in aisce a chomhroinnt idir páirceanna agus do spásanna oscailte deiseanna ar fáil do dhaoine den uile aois agus den uile chumas le stíl mhaireachtála níos folláine a chleachtadh trí rochtain mhéadaithe ar bheith ar threalamh spóirt agus caitheamh aimsire.
Díríonn tionscadal Cathracha Gníomhacha Spórt Éireann ar na daoine sin inár sochaí nach mbíonn chomh gníomhach sin a chur i mbun na haclaíochta. Tá sé mar chuspóir leis an tionscadal, trí chur chuige ilearnála a ghlacadh, bacainní i leith rannpháirtíocht i ngníomhaíocht coirp a laghdú, cur le rochtain agus rogha agus deiseanna a fheabhsú don uile dhuine chun bheith rannpháirteach ina gcuid pobal áitiúil.
Is tionscnamh comhoibríoch a bhí i gceist le BoxUp a thabhairt isteach in Éirinn, a rinneadh a fhorbairt ar fud 5 chathair mar chuid den tionscadal seo agus tá taisceadáin BoxUp suiteáilte go rathúil cheana féin i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Port Láirge. Ní hamháin, le breis is 5,000 úsáideoir agus breis is 9,500 uair an chloig de ghníomhaíocht taifeadta go dtí seo, gur féidir leis na taisceadáin seo rochtain a chur ar fáil ar threalamh, cuireann siad sonraí luachmhar ar fáil freisin maidir le húsáid an trealaimh i ngach ceantar.
Tá trealamh éagsúil sna taisceadáin, atá grianchumhachtaithe, bunaithe ar na háiseanna agus ar na taitneamhachtaí atá ar fáil sa cheantar sin, agus is féidir an trealamh go léir a rochtain go héasca trí úsáid a bhaint as aip atá saor in aisce.
Dúirt Méara Cathair na Gaillimhe an Clr Peter Keane, “Cuireann tionscnamh BoxUp go mór le limistéir caithimh aimsire na cathrach. Tá sé thar barr an tionscadal seo ó Chathracha Gníomhacha na Gaillimhe agus ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fheiceáil, tionscadal atá ag tacú le muintir na cathrach sásamh a bhaint as gníomhaíocht coirp. Ciallóidh na haonaid seo a bheith suiteáilte in 8 gceantar ar fud na cathrach go mbeidh sé ar chumas daoine a bheith níos gníomhaí mar thoradh ar a n-inrochtaineacht do chách.”
Míníonn Oifigeach Cathracha Gníomhacha na Gaillimhe, Declan Burke, "Ní gá duit ach an aip saor in aisce BoxUp a íoslódáil ar d'fhón cliste agus cuntas a chruthú agus úsáid á baint agat as aitheantas fótagrafach (ID). Níl aon chárta creidmheasa ná mionsonraí bainc ag teastáil. Díreach roghnaigh an trealamh a theastaíonn uait a úsáid ar an aip agus osclóidh an taisceadán. Nuair a bhíonn do chuid gníomhaíochta críochnaithe agat, níl ort ach an trealamh a chur ar ais sa taisceadán agus uaslódáil pictiúr ar an aip chun a dheimhniú go bhfuil an trealamh tugtha ar ais agat".
Dúirt Stiúrthóir Rannpháirtíochta Spórt Éireann, Louise Burke: "Is cúis ríméid do Spórt Éireann BoxUp a sheoladh i nGaillimh inniu. Tá tionscadal na gCathracha Gníomhacha á mhaoiniú trí mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin, a bhfuil sé mar aidhm leis pobail fud fad na tíre a bheith rannpháirteach trí thacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh oideachais, go sóisialta nó go heacnamaíoch nó iad siúd atá faoi mhíchumas chun bheith níos gníomhaí. Tá sé iontach Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe a fheiceáil ag obair le comhpháirtithe lena chinntiú go mbíonn an deis is fearr is féidir ag pobail áitiúla a bheith gníomhach go fisiciúil ina gceantar féin, agus iad ag baint an leas is fearr is féidir as taitneamhachtaí áitiúla i dtimpeallacht nádúrtha".
Chun eolas a fháil amach anseo, déan teagmháil le Declan Burke ar 0879684296 nó le Jason Craughwell ar 0879817549 nó ar ríomhphost candc@galwaycity.ie
Ionaid 'BoxUp': Dabhach Uisce; An Baile Bán; Páirc Uí Shúilleabháin; An Rinn Mhór; An Pháirc Theas; Páirc Mhic Craith; Bóthar na Trá; agus An Taobh Thiar