
An Mol oscailte go hoifigiúil ag an Méara Mike Cubbard agus ag an Aire Seán Canney
Rátaí Laghdaithe ar fáil do Chónaitheoirí sa gCathair nach bhfuil Pointe Luchtaithe sa mBaile acu agus do Thiománaithe Tacsaí/Iompar Poiblí
Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, agus an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney TD, mol luchtaithe úrnua ceannródaíoch d’fheithiclí leictreacha (EV) sa Taobh Thiar ar Dé hAoine 27 Meitheamh 2025. Is é an mol seo an chéad mhol luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha grianchumhachtaithe in Éirinn le cúltaca ceallra agus eangaí. Mar chuid den chlár píolótach, is féidir le cónaitheoirí na cathrach leas a bhaint as ráta laghdaithe do luchtú carranna AC sa chás nach bhfuil cabhsán acu le bheith ag luchtú sa mbaile. Féadfaidh tiománaithe tacsaí agus oibreoirí iompair phoiblí leas a bhaint as na rátaí laghdaithe freisin. Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Iompair agus Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) leis an scéim seo agus déantar í a chur ar fáil i gcomhpháirtíocht le Electric Skyline, ePower, ARBARR agus an mol soghluaisteachta ROBUST.
Chun na Moil Luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a úsáid, íoslódáil an aip ó www.ePower.ie.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, déan teagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an uimhir 091 536400 nó seol ríomhphost chuig CustomerService@GalwayCity.ie
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil costas laghdaithe ar luchtú feithiclí leitreacha á thabhairt isteach sa Taobh Thiar – go háirithe do dhaoine atá ina gcónaí in árasáin nó do dhaoine nach bhfuil cabhsán acu ar mhaith leo feithicil leictreach a fháil, ach a bhfuil imní orthu faoin áit a mbeidís in ann a gcuid feithicil a luchtú, nó faoin gcostas a bhaineann le luchtú tráchtála. Tabharfar cuireadh freisin do thiománaithe tacsaí leas a bhaint as ráta laghdaithe chun a gcuid feithiclí a luchtú go tapa, chun tacú le hathrú go feithiclí leictreacha sa chathair. Tá na sé spás go hiomlán inrochtana agus mar sin freastalóidh siad ar gach cineál úsáideora, agus beidh rátaí i bhfad níos saoire ar fáil ar feadh suas le huair an chloig de luchtú. Is príomhghníomhaíocht é an tionscadal seo i bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus beidh ról suntasach aige in éascú an athraithe go feithiclí leictreacha sa chathair”.
Tá 91 painéal gréine ag an mol luchtaithe nua d’fheithiclí leictreacha ar dhíon Ionad Pobail an Taoibh Thiar, a chuireann cumhacht ar fáil do cheallra 150kW/h. Úsáideann an ceallra nasc eangaí atá ann cheana féin mar chúltaca, chun feidhmiú réidh na luchtairí d’fheithiclí leictreacha a chinntiú, le sé stáisiún luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar fáil, roinnte idir aonaid Dé-DC (‘luchtú tapa’) agus Dé-AC (’meánluchtú’). Is é an clár píolótach seo an chéad chéim ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaobh bonneagar luchtaithe carranna a bhfuil géarghá leis a chur ar fáil do thiománaithe feithiclí leictreacha i gCathair na Gaillimhe. Tá sé suite ar an suíomh céanna leis an mol leictrea-shoghluaisteachta tionscadail ROBUST a seoladh le déanaí, agus tá gluaisteáin leictreacha, rothair leictreacha agus rothair leictreacha lasta ar fáil le cur in áirithe ar Aip E-Rothar eMoil ESB (ESB EHubs E-Bike App). Chun tuilleadh eolais a fháil faoin aip, féach ar leathanach gréasáin an tionscadail ROBUST.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Sean Canney TD, “Tá lúcháir orm tacú le seoladh scéim phíolótach luchtaithe feithiclí leictreacha sa Taobh Thiar thar ceann na Roinne Iompair agus ZEVI. Is tionscadal cliste agus tionscantach é seo a bhaineann úsáid as soláthar leictreachais atá san fhoirgneamh cheana, chomh maith le painéil ghréine agus stóráil ceallra, chun luchtú tapa agus iontaofa a chur ar fáil d'úsáideoirí feithiclí leictreacha. Ligeann sé do dhaoine feithiclí a luchtú gan mórán tionchair ar an eangach leictreachais áitiúil agus cruthaíonn sé rogha áisiúil luchtaithe sa cheantar do dhaoine atá ina gcónaí in aice láimhe nó atá ag obair sa gceantar agus b’fhéidir nach mbeadh in ann feithiclí a luchtú sa mbaile. Is é seo an chéad cheann de roinnt scéimeanna píolótacha luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a bhfuil an Roinn agus ZEVI ag tacú leo i gcomhar le húdaráis áitiúla in 2025. Tá an cur chuige leagtha amach le bheith inscálaithe agus éasca a athchruthú ar fud na tíre agus chun tacú le tionscnaimh náisiúnta eile faoi stiúir ZEVI, lena n-áirítear scéim Chlub Spóirt an Oileáin Chomhroinnte agus scéimeanna bóithre/mótarbhealaí náisiúnta.”
Dúirt Colm Shaughnessy, Innealtóir, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is clár píolótach ar leith é seo ina bhfuilimid ag iarraidh réiteach neodrach ó thaobh carbóin de a chur ar fáil do bhonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a bhfuil géarghá leis. Úsáideann an cúltaca eangaí an nasc atá ann cheana féin i gClub Dornálaíochta an Taoibh Thiar chun cumhacht breise a sholáthar don cheallra i gcás ró-úsáid na luchtairí d’fheithiclí leictreacha nó le linn mhíonna an gheimhridh nuair a bhíonn neart na gréine íseal. Níor baineadh triail as an réiteach áirithe seo riamh - is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an chéad chomhlacht poiblí a bhfuil bonneagar d’fheithiclí leictreacha curtha ar aige ina bhfuil iniúchadh á dhéanamh acu ar theicneolaíocht na gréine agus na ceallraí chun feithiclí leictreacha a chumhachtú. Soláthróidh torthaí ón gclár píolótach seo ábhar foghlama atá ag teastáil chun ligean do sholáthraithe príobháideacha feithiclí leictreacha agus d’údaráis áitiúla eile luchtú d’fheithiclí leictreacha a bhfuil géarghá leo a chur ar fáil gan aon ghá le naisc mhóra ar an eangach. D’fhéadfadh an socrú seo a bheith ina réiteach iontach do láithreacha faoin tuath ach go háirithe nuair nach bhfuil an toilleadh ar an eangach ar fáil do bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha ardchumhachta. I measc fheidhmeanna féideartha eile an chórais seo tá cuisneoirí ollmhargaí a chumhachtú, nó linnte snámha in ionaid fóillíochta mar shampla – ionas go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag ábhar foghlama na scéime píolótaí seo ar an athrú go roghanna cumhachta níos inbhuanaithe.”
Dúirt Stiúrthóir Tráchtála Electric Skyline, Bryan Fox, “Is cor cinniúnach é an tionscadal seo maidir leis an gcaoi a mbíonn muid ag smaoineamh ar bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha in Éirinn. Trí fhuinneamh ón ngrian a chomhcheangal le stóráil ceallraí cliste, tá córas inscálaithe, éifeachtach ó thaobh costais curtha ar fáil againn a oibríonn laistigh de theorainneacha eangaí atá ann cheana féin. Tá sé éifeachtach, inbhuanaithe agus réidh don todhchaí, agus táimid bródúil as bheith mar chuid den fhoireann a bhfuil an nuálaíocht seo tugtha go Gaillimh aici.”
Dúirt James McCorley, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta ARBARR; “Tá Arbarr-ESS i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Electric Skyline chun an chéad mhol luchtaithe DC d’fheithiclí leictreacha atá go hiomlán den eangach in Éirinn a sheoladh ag Ionad Pobail an Taoibh Thiar. Arna chumhachtú ag fuinneamh in-athnuaite agus stóráil ceallra, seachnaíonn an córas uasghrádú naisc, laghdaíonn sé costais fuinnimh, gearrann sé carbón agus coinníonn sé an chumhacht ag imeacht le linn bristeacha. Le breis agus 25 bliain de thaithí, leanann Arbarr ag cabhrú le comhairlí, gnólachtaí, agus pobail faoin tuath ag athrú go fuinneamh glan inacmhainne a oibríonn go maith.”
Sonraí na Scéime:
Is iad seo a leanas na rátaí luchtaithe:
Úsáideoir |
DC in aghaidh kWh |
AC in aghaidh kWh |
Cónaitheoirí sa gCathair |
€0.60 |
€0.20 |
Tacsaí |
€0.52 |
€0.52 |
Duine den phobal |
€0.60 |
€0.52 |
Is féidir le cónaitheoirí sa gcathair nach bhfuil cabhsán acu leas a bhaint as ráta laghdaithe breise de €0.20 in aghaidh an nóiméid do luchtú. Beidh cruthúnas ar do sheoladh ag teastáil.
Is féidir le tiománaithe tacsaí atá ag obair i gCathair na Gaillimhe leas a bhaint as ráta laghdaithe €0.52 in aghaidh an nóiméid do luchtú DC. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Tá uimhirphláta tacsaí bailí ag teastáil.
Is féidir le haon bhall den phobal leas a bhaint as ráta €0.60 in aghaidh an nóiméid le luchtú ar DC agus €0.52 in aghaidh an nóiméid ar AC.
Dearadh Uilíoch: Is iad na sé spás an chéad dearadh iomlán uilíoch chun freastal ar riachtanais uile na n-úsáideoirí.
Fad Luchtaithe: Ní mholtar fanacht rófhada. Beidh an praghas ag ardú tar éis 60 nóiméad ag na stáisiúin luchtaithe DC, agus tar éis 14 uair an chloig ar na stáisiúin luchtaithe AC, féach thíos:
€0.50 |
In aghaidh an nóiméid tar éis 60 nóiméad, táille suas le €50 ar a mhéad |
|
An Costas a bhaineann le fanacht Rófhada ag stáisiún AC |
€0.10 |
In aghaidh an nóiméid tar éis 14 uair an chloig, táille suas le €50 ar a mhéad |
Acmhainn luchtaithe - Luchtairí Dé-DC 60kW agus luchtairí Dé-AC 22kW ar fáil don phobal. Tá luchtairí Dé-AC 22kW ar fáil don chlub comhroinnte carranna faoi thionscadal ROBUST ag an suíomh céanna sa Taobh Thiar.
Cláraigh don Mhol Luchtaithe d’fheithiclí leictreacha tríd an aip a íoslódáil ag www.ePower.ie nó déan teagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an uimhir 091 536400 nó seol ríomhphost chuig CustomerService@GalwayCity.ie chun tuilleadh sonraí a fháil.