
Sheol Leave No Trace Ireland a fheachtas bliantúil “Bí Bródúil as an Áit Seo" inniu, ina n-iarrtar ar an bpobal teacht le chéile chun tírdhreacha nádúrtha saibhre na hÉireann a chosaint, chun gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint astu de réir mar a dhruideann séasúr an tsamhraidh linn. Tá an feachtas feasachta náisiúnta ar siúl anois le cúig bliana anuas agus tacaíonn comhpháirtithe leis – Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Oifig na nOibreacha Poiblí, Coillte, Spórt Éireann, Uiscebhealaí Éireann, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae an Chláir agus Comhairle Cathrach Chorcaí ina measc - a bhfuil siad go léir tiomanta do chaitheamh aimsire agus maoirseacht comhshaoil fhreagrach a chur chun cinn.
Tá níos mó daoine ná mar a bhí riamh ag iarraidh ceangal leis an dúlra - trí shiúlóireacht, snámh, madraí a shiúl agus taiscéalaíocht - neartaítear i bhfeachtas "Bí Bródúil as an Áit Seo" na bliana seo an teachtaireacht shimplí: “Má tá tú bródúil as an áit seo, ná fág lorg”
Tá an tóir atá ar an domhan mór faoin spéir in Éirinn tar éis dul i méid go mór le blianta beaga anuas, agus baineann 98% de mhuintir na tíre taitneamh as am a chaitheamh sa dúlra (CSO). Ach tá dúshláin cruthaithe mar sin féin ag líon níos mó daoine: creimeadh bealaigh, caitheamh bruscair, salú ag madraí, cur isteach ar an bhfiadhúlra, agus méadú ar fhalscaithe - a mbaineann 96% díobh le gníomh an duine.
“Tá ár dteachtaireacht soiléir,” a dúirt Maura Kiely, POF Leave No Trace Ireland, “Tá páirt le glacadh againn go léir sna háiteanna agus san fhiadhúlra a thaitníonn linn a chaomhnú. Tugtar cuireadh san fheachtas seo do gach duine a bhfuil taitneamh á bhaint acu as an domhan taobh amuigh an samhradh seo, idir siúlóirí taithíocha agus úinéirí madra, chun bearta airdeallacha a dhéanamh chun ár dtírdhreacha nádúrtha a chosaint. Níl ár dtalamh díreach álainn - tá sí beo. Tugann sí beatha dúinn, foscadh don bhithéagsúlacht, agus ceanglaíonn sí ár bpobail. Níl srian i gceist le meas a léiriú uirthi, tá aire agus freagracht i gceist leis. Táimid an-bhuíoch as an bpobal agus ár gcomhpháirtithe as tacú le "Bí Bródúil as an Áit Seo" - iarraimid ar gach duine dul i mbun gnímh agus a bheith páirteach sa ghluaiseacht mar gheall gur féidir linn leanúint le taitneamh a bhaint astu amach anseo má dhéanaimid na háiteanna a bhfuilimid bródúil astu a chosaint.”
Dul i mbun Gnímh: Roinntear trí ghníomh shoiléire ar féidir leis an bpobal tabhairt fúthu i bhfeachtas "Bí Bródúil as an Áit Seo" 2025:
- Bí freagrach le do mhadra - Coimeád madraí ar iall, go háirithe timpeall ar ainmhithe feirme agus fiadhúlra, agus glan suas a salachar i gcónaí.
- Cosain an fiadhúlra agus áiteanna fiáine - Tabhair an bruscar go léir abhaile leat, ná tabhair bia d’ainmhithe fiáine, agus breathnaigh ar an bhfiadhúlra ó fhad sábháilte.
- Fan ar an gcosán - Ná siúil ach ar bhealaí marcáilte lena sheachaint díobháil a dhéanamh do ghnáthóga nó cur isteach ar ainmhithe, iad siúd a fheictear agus nach bhfeictear.
Tabharfar an méid seo a leanas isteach in "Bí Bródúil as an Áit Seo" i rith an tsamhraidh:
- Feachtas scéalaíochta digití ina mbeidh glórtha daoine ó áiteanna ar fud na hÉireann: feirmeoirí, siúlóirí, úinéirí madra, agus grúpaí pobail.
- Imeachtaí ar an talamh agus laethanta glanta a chuirfear ar siúl le húdaráis áitiúla agus grúpaí comhshaoil.
- Tionscnaimh oideachais agus sraitheanna straitéisí meán sóisialta don lucht tionchair, scoileanna, agus comhpháirtithe turasóireachta.
Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, TD, “Tá tírdhreacha nádúrtha na hÉireann i measc ár seoda náisiúnta is luachmhaire – cothaíonn siad ár bpobail, tacaíonn siad le geilleagair thuaithe, agus cuireann siad spásanna ríthábhachtacha ar fáil do chaitheamh aimsire agus folláine. Tá meas a léiriú ar an timpeallacht nádúrtha i gcroílár Téigh Amach Faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta Caitheamh Aimsire faoin Aer 2023-2027. Glacann an feachtas 'Bí Bródúil as an Áit Seo' le príomhról maidir leis an bhfreagracht atá orainn as aire a thabhairt do na háiteanna seo a mheabhrú dúinn go léir. De réir mar a chaitheann níos mó daoine am taobh amuigh, tá sé bunriachtanach go ndéanaimid é sin ar bhealach a chosnaíonn an timpeallacht do na glúnta amach anseo agus caithfimid a chinntiú nach mbíonn an timpeallacht nó daoine eile thíos le díobháil ná caillteanas mar gheall ar ár ngníomhartha, go háirithe ár madraí.
Chun níos mó a fhoghlaim nó chun páirt a ghlacadh, téigh go dtí: www.LeaveNoTraceIreland.org/Love-This-Place