No.1 Munster Avenue, Galway City, Co. Galway

No 1 Munster Avenue

NA hACHTANNA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (arna leasú) 
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2001 (arna leasú) – Cuid 8

Iarratasóir:     Comhairle Cathrach na Gaillimhe - Seirbhísí Tithíochta agus Lánpháirtíochta
Áit:     Uimh. 1 Ascaill na Muimhneach, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe

Togra:    
I gcomhréir le Cuid X1 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go dtí 2024, tugtar fógra leis seo ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil sé ar intinn aici an fhorbairt seo a leanas a dhéanamh ag Uimh. 1 Ascaill na Muimhneach, Cathair na Gaillimhe, H91 V2XR.

Beidh an fhorbairt comhdhéanta d’fhorbairt inlíonta tithíochta sóisialta bheartaithe:

3 cinn d’árasáin nuathógtha 1 sheomra leapa agus athchóiriú ar theach sraithe 2 sheomra leapa atá ann cheana féin lena n-áirítear bailchríocha fearainn phoiblí ar Ascaill na Muimhneach, ag tacú le hoibreacha forbartha lena n-áirítear scartáil an bhalla sínidh agus teorann atá ann cheana, tírdhreachú agus cóireálacha teorann, bainistiú uisce dromchla, comharthaíocht shealadach tógála agus na hoibreacha láithreáin gaolmhara go léir.

Rinneadh scagadh ar an bhForbairt le haghaidh Measúnacht Chuí de réir Airteagal 6(3) de Threoir an AE maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEC). Thángthas ar an tátal leis an scagadh le haghaidh measúnacht chuí nach dócha go n-eascródh tionchair mhóra as an bhforbairt bheartaithe ar aon láithreán Natura 2000 Eorpach agus nach bhfuil gá le measúnacht chuí i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe seo.  

Ullmhaíodh tuarascáil faoi Scagadh ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta i ndáil leis an bhforbairt bhearthaithe agus de réir Airteagal 120(1)(b)(1) de na Rialacháin um Phleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú), thángthas ar an gconclúid nach raibh gá le Measúnú Tionchair Timpeallachta. De réir Alt 120 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (arna leasú), is féidir le haon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra seo, iarratas a dhéanamh leis an mBord Pleanála do chinneadh scagtha i dtaobh an bhféadfadh tionchair mhóra a bheith ag an bhforbairt ar an timpeallacht.

Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear tuarascáil ar scagadh an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta agus tuarascáil ar scagadh na Measúnachta Cuí, ar lena n-iniúchadh agus/nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnta a bhaineann le cóip a dhéanamh le linn uaireanta oifige ón Déardaoin an 15 Bealtaine 2025 go dtí an Luan an 16 Meitheamh 2025, an Luan sin san áireamh, ó 9:00am go 4:00pm, Luan go hAoine (gan laethanta saoire bainc san áireamh) ag na hoifigí seo a leanas:

•    An Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Is féidir pleananna agus sonraí uile na forbartha beartaithe a fheiceáil ar líne freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag: https://files.galwaycity.ie/gccpart8/#/

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe a bhaineann le dea-phleanáil agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn le bheith faighte tráth nach déanaí ná: 4.00 p.m. Dé Máirt, an 1 Iúil 2025 go dtí: 
Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, nó i ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie.

Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Beidh gach tuairim, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a thugann tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim seo mar chuid den tuarascáil atá riachtanach go reachtúil a chuirfear i láthair ag cruinniú na gcomhaltaí tofa. Dá réir sin, is féidir iad a chur san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus féadfaidh siad a bheith san fhearann poiblí. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir fhorálacha na saorála faisnéise (Achtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2014) agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2013.

Lieze Fanning
Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Tithíochta agus Lánpháirtíochta 
Arna dhátú Dé hAoine an 16 Bealtaine, 2025.