Oibrithe Deonacha á gCeiliúradh ag Searmanas Bronnta Mhéara Chathair na Gaillimhe

Winners

Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Mhéara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ag labhairt dó ag searmanas bronnta in Óstán Chuan na Gaillimhe, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane gur díol mórtais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe onóir a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a chuireann a gcuid scileanna agus tuiscint ar fáil gan bheith ag súil le rud ar bith ar ais, agus a bhíonn ina n-eiseamláirí dúinn go léir. 

Ag labhairt dó faoi na buaiteoirí agus na hainmnithe ag na gradaim, dúirt an Méara Peter Keane:

"Tugann Gradaim an Mhéara deis dúinn díriú urraim a thabhairt do na daoine sin a rinne obair dheonach agus i bhfad níos mó ná sin. I mbliana, ar an dara bliain is fiche de na Gradaim, is mór an onóir agus an phribhléid dom, agus mé i mo Mhéara ar Ghaillimh, an ceiliúradh seo a óstáil chun aitheantas a thabhairt don mhéid dochreidte atá déanta ag na hoibrithe deonacha sa phobal." 

Chuir an Méara in iúl chomh maith go "léiríonn na hainmnithe go bhfuil an t-ádh ar chathair na Gaillimhe meitheal ghníomhach a bheith inti a thugann a gcuid ama agus fuinnimh gan staonadh chun áit níos fearr a dhéanamh dár gcathair do chách."

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a fhios a bheith ag gach oibrí deonach go bhfuil a gcuid oibre déanta acu agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh as a luach bunúsach dár sochaí, rud a chabhraíonn le pobail bhríomhara, chuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Fuair os cionn 90 duine aonair agus grúpa, a ainmníodh i ngach catagóir, Teastas a dearadh ina n-aonar ón Méara mar aitheantas ar a ngníomhaíocht dheonach i saol an phobail ar fud na cathrach. 

Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí sna catagóirí éagsúla.

Gradam Ealaíon, Cultúir, Oidhreachta agus Cúrsaí Gaeilge: 

Ambasadóirí Shráideanna na Gaillimhe as léargas áitiúil, eolas faoi imeachtaí agus treoir maidir le háiseanna a roinnt. Bhí ról ríthábhachtach acu i dtaobh feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí agus an chuid is fearr de na rudaí atá le tairiscint i nGaillimh a thaispeáint.

Gradam do Chónaitheoirí agus do Cheantair Áitiúla

Grúpa Cuibhreann Choillte Mhuirlinne in ómós d'obair chrua agus neamhleithleasachas an ghrúpa chun saol na ndaoine mórthimpeall orthu a fheabhsú, daoine a thabhairt le chéile, agus pobal níos inbhuanaithe a fhorbairt

Gradam Aonair na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta:

Johanna Downes as a ceannaireacht, greann agus fuinneamh gan teorainn agus as bheith ina hambasadóir eisceachtúil don Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche agus do Ghaillimh. 

Gradam na Seirbhíse Pobail agus an Chuimsithe Shóisialta (Grúpa):

Oibrithe Deonacha Chúram Ailse an Iarthair a dhéanann a gcuid dualgas agus tuilleadh lena hais, agus a chuireann ní hamháin a gcuid ama ar fáil, ach a chuireann a gcroí san obair, lena chinntiú go mbraitheann othair agus teaghlaigh go dtuigtear iad, go bhfuil meas orthu agus go bhfuil tacaíocht acu le linn na tréimhse is dúshlánaí dá saol.

Gradam d'Oibrí Deonach Saoránach Sinsearach na Bliana

Gerald Molloy mar aitheantas ar na 15 bliana a chaith sé ina oibrí deonach le Fondúireacht Ospís na Gaillimhe. Fear an-uasal a rinne ionadaíocht ar an ospís ag an iliomad cur i láthair agus a chuir an iliomad pacáistí caife ar fáil d'óstaigh ar fud na cathrach agus an chontae.

Gradam Inbhuanaitheachta Comhshaoil:

Grúpa Tuatha Pháirc Foraoise Thír Oileáin as a gcuid iarrachtaí deonacha seasta, a bhfuil feabhas suntasach ar pháirc uirbeach áitiúil mar thoradh air, agus as a ndíograis leanúnach d'athchóiriú dúlra, tionscadail chaomhnaithe agus oideachas comhshaoil.

Gradam d'Oibrí Deonach Spóirt na Bliana:

Sarah Caulfield a bhfuil, agus a mbeidh, tionchar buan aici mar gheall ar a dúthracht, ceannaireacht agus tiomantas don uilechuimsitheacht. Chuir a cuid iarrachtaí ar chumas níos mó daoine a bhfuil dúshláin fhisiciúla nó airgeadais acu páirt a ghlacadh i gclubanna agus mothú mar chuid díobh.

Gradam Tacaíochta Leanaí agus Óige:

Gasóga Mara na Gaillimhe, grúpa faoi stiúir oibrithe deonacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar fhorbairt na hóige i nGaillimh, agus iad ag tabhairt deis do dhaoine óga fás trí eachtraíocht agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer. Agus iad ag úsáid cur chuige cuimsitheach, cinntíonn siad gur féidir le gach leanbh, beag beann ar chúlra ná cumas, páirt a ghlacadh agus tairbhe a bhaint as. 

Bronnadh Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chathair na Gaillimhe ar Oibrithe Deonacha Fhondúireacht Ospís na Gaillimhe a chuireann comhluadar ar fáil, a thacaíonn le teaghlaigh atá faoi bhrón, a chuireann cúram pearsanta ar fáil chun folláine a fheabhsú agus a eagraíonn ócáidí tiomsaithe airgid chun seirbhísí ríthábhachtacha a choinneáil ag imeacht. Tá siad i gcroílár an chúraim ospíse, agus cuireann siad a gcuid ama ar fáil gan staonadh lena chinntiú go mothaíonn gach othar agus teaghlach comhbhá, dínit agus compord. Níl deireadh ar bith lena ndíograis, agus tá go leor acu ag i mbun na hoibre seo le blianta fada, rud a léiríonn nach féidir a ndúthracht a shárú. 

Bronnadh píosa álainn criostail, déanta ag Galway Crystal, ar na buaiteoirí.