Oifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta Ceaptha ag Cathair na Gaillimhe chun Naisc Dhomhanda a Neartú

KF Posing in front of City Hall

Tá sé fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe inniu go bhfuil Oifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta ceaptha - ról nua chun clár gníomhaíochtaí agus imeachtaí a mhúnlú agus a chur chun cinn ar mhaithe le próifíl idirnáisiúnta Chathair na Gaillimhe a fheabhsú, mar chathair den chéad scoth le bheith i do chónaí inti, le bheith ag obair inti, le hinfheistiú inti, le bheith ag staidéar inti agus le cuairt a thabhairt uirthi. Beidh an tOifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta ag obair mar chuid den fhoireann Turasóireachta agus rachaidh sé i dteagmháil leis na Cathracha atá nasctha le Cathair na Gaillimhe, cuirfidh sé ainmniúcháin Eorpacha na Gaillimhe chun cinn, Cathair an Chultúir, Réigiún na Gastranamaíochta, Cathair Scannán UNESCO, Cathair na Duilleoige Glaise agus Cathair Ghlan-Nialasach ina measc. Cuirfidh an t-oifigeach clár rannpháirtíochta chun cinn, trína leagfar béim ar mhalartú agus ar chomhoibriú cultúir, ar an bhfoghlaim agus ar fhorbairt clár, agus ar dheiseanna comhoibríochta maoinithe a fhiosrú do Chathair na Gaillimhe ar fud an domhain.

 

Ag labhairt dó faoin gceapachán, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Is tábhachtach atá sé d’aon chathair nua-aimseartha, uaillmhianach agus atá oscailt don domhan mór, caidreamh idirnáisiúnta a chothú i saol an lae inniu. Is fórsa mór eacnamaíoch í an Chathair i ngeilleagar na hEorpa - is ceannródaí í maidir le forbairt tráchtála eachtraigh agus dhúchasaigh, maidir le gnóthachtáil institiúideach ardoideachais agus maidir le scileanna san fhórsa saothair. Tá sé feicthe agam féin, agus mé i mo Mhéara, an cumas atá i gCathair na Gaillimhe naisc bhreise eacnamaíochta agus cultúir a chothú lenár gcathracha comhair agus le cathracha eile ar fud an domhain. Tá fáilte churtha agam anseo i nGaillimh roimh thoscaireachtaí ón bhFrainc, ón Ungáir, ón tSeapáin, ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ón Nigéir, ón Albáin, ó Antigua, ón bPolainn agus ón bPalaistín, le bliain anuas gan trácht ar bhlianta eile. Níl sé ach mí ó shin ó thug toscaireachtaí cuairt ar ár gcathracha comhair sna Stáit Aontaithe, is iad sin Milwaukee agus Chicago, cuairt a spreag idirphlé faoi chomhoibriú agus malartú maidir le naisc Eacnamaíocha agus Chultúir araon. Is lárnach a bheidh an ról nua seo chun tús a chur leis na naisc agus na caidrimh sin, agus chun cur leis an bhfonn atá ar chathracha idirnáisiúnta eile a bheith i dteagmháil le Gaillimh agus naisc a bhunú léi.” 

 

Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad orm fáilte a chur roimh Keith Finnegan go dtí Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina Oifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta dó. Tá blianta fada caite ag Keith Finnegan ina láithreoir ar an raidió ar maidin agus is as sin is mó a bheadh aithne ag daoine air. Bhí ról mór aige ina urlabhraí thar ceann na Gaillimhe ar fud na cruinne freisin, ina obair dheonach le Coiste Spiorad na Gaillimhe, áit ar chothaigh sé caidrimh lenár gcathracha comhair, Milwaukee agus Chicago, le blianta fada anuas. Beidh an tOifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta nua ag obair mar chuid dár bhFoireann Forbartha Turasóireachta agus Eacnamaíochta chun an oiread luach agus is féidir a chur lenár gcaidreamh idirnáisiúnta, chun próifíl idirnáisiúnta na cathrach a mhéadú trí chlár struchtúrtha gníomhaíochta. Ar cheann de na céimeanna tosaigh maidir leis sin is ea Coiste Caidrimh Idirnáisiúnta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhorbairt le príomhpháirtnéirí sa gCathair. Táimid ag súil le tionchar an tascfhórsa sin a fheiceáil in am trátha.

 

Is éard a dúirt Brian Barrett, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, “Is cathair í Cathair na Gaillimhe a bhí oscailte don domhan mór riamh, agus tá stair an-fhada aici i dtrádáil idirnáisiúnta agus i malartú eacnamaíoch agus cultúrtha, ó thráth chathair mheánaoiseach na dtreibheanna go dtí an lá atá inniu ann, an chathair is mó ar tháinig fás uirthi le 50 bliain anuas, ina bhfuil ceann de na cúig bhraisle teicneolaíochta leighis a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte acu. Cruthaítear deiseanna ollmhóra do Ghaillimh mar gheall ar a stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, Réigiún Eorpach na Gastranamaíochta, Cathair Scannán UNESCO, Cathair Dhuilleog Ghlas na hEorpa agus Cathair Ghlan-Nialasachta an AE i dtaobh tionsclaíochta, foghlama agus malartú cultúir. Cuirfidh an ról nua seo leis na hainmniúcháin agus na caidrimh sin atá ag Cathair na Gaillimhe, mar chuid den Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail don Chathair. 

 

I measc na dtionscnamh chathrach comhair ardphróifíle a tharla le gairid tá Ceiliúradh 50 bliain den nasc a cothaíodh le Cathair Lorient chomh maith leis an bhfreastal a rinneadh ar Irish Fest Milwaukee agus Chicago. Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag comóradh 40 bliain ó cothaíodh nasc le Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Bradford, Sasana, in 2026.  

 

Is éard a dúirt Karissa Perez, Stiúrthóir, Tionscnaimh Straitéiseach Domhanda, World Business Chicago, “Tá ríméad orainn, mar cheann de Chathracha Comhair Chathair na Gaillimhe, gur ceapadh Oifigeach Caidrimh Idirnáisiúnta nua sa gComhairle. Cé gurb í Cathair na Gaillimhe an Chathair Chomhair is lú atá ag Chicago ó thaobh daonra de, tá tionchar ollmhór aici, agus cuirfidh an ról seo ar ár gcumas an nasc atá againn le Cathair na Gaillimhe a neartú agus na cláir eile a bheidh ar siúl i gcaitheamh na bliana a thabharfaidh deiseanna do shaoránaigh ón dá chathair a fhorbairt a thuilleadh.