Tá teachtaireacht na Nollag á scaipeadh ag an bhfoireann lasmuigh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe i mbliana agus €3,220 bailithe acu ar mhaithe le trí cinn de charthanais áitiúla fhiúntacha. Thug na baill foirne €50 an duine ar an meán le go mbainfí an t-iomlán amach in am don Nollaig. A bhuíochas do fhlaithiúlacht na foirne, déanfar áthas agus sólás na féile a scaipeadh orthu siúd is mó a dteastaíonn sin uathu le linn na féile i gComhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, Ospís na Gaillimhe agus san Aonad Péidiatraice in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.
An 17 Nollaig 2025, Dé Céadaoin, d’imigh daoine den Fhoireann Lasmuigh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chuig na hionaid éagsúla i nGaillimh le bailiúchán na Nollag a bhronnadh ar Chomhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, Ospís na Gaillimhe agus ar an Aonad Péidiatraice in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.
Tá ról ríthábhachtach ag na heagraíochtaí seo ag tacú le teaghlaigh agus le daoine sa bpobal.
Cuireann an tionscnamh leis an méid a bailíodh aimsir na Nollag in 2024, tráth ar bhailigh an tAonad Bainistíochta Bruscair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe os cionn €1,000 le caitheamh ar bhréagáin don Aonad Péidiatraice in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Agus iad spreagtha ag a gcomhghleacaithe, bhí tuilleadh daoine den fhoireann ag iarraidh páirt a ghlacadh sa mbailiúchán i mbliana. Thug os cionn 60 duine den Fhoireann Lasmuigh airgead do bhailiúchán na Nollag ó mhí na Samhna 2025.
Seo mar a labhair Derek Griffin, Saoiste i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, an té a d’eagraigh an bailiúchán: “D’éirigh thar barr leis an mbailiúchán a rinne an tAonad Bainistíochta Bruscair aimsir na Nollag anuraidh agus scaip an scéal go tapa i measc na Foirne Lasmuigh. ‘Tá muidne ag iarraidh páirt a ghlacadh ann!’ a bhí gach uile dhuine ag rá. Scaip an scéala go tapa. Thapaigh daoine an deis go fonnmhar. Bhí an oiread sin daoine ag iarraidh rud éigin a thabhairt go ndearna muid an t-airgead a roinnt ar thrí charthanas i mbliana. Tá leanaí a bhfuil uathachas orthu ag cuid dár gcomhghleacaithe, mar atá agam féin. Sin an fáth ar roghnaigh muid Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe – feicimid an obair iontach a bhíonn ar bun acu sa gcúlra. Bíonn baint ag nach mór gach teaghlach sa gceantar le hOspís na Gaillimhe, mar sin theastaigh uainn tacaíocht a thabhairt dóibhsean. Bíonn siad ansin dúinn nuair a bhíonn daoine ag dul i ngleic le cora crua an tsaoil agus tá sin an-tábhachtach do gach uile dhuine. Ar deireadh, chloígh muid leis an nós a thosaigh muid anuraidh, is é sin airgead a bhronnadh ar an Aonad Péidiatraice in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Bíonn sé deacair má bhíonn leanbh agat san ospidéal am ar bith, go háirithe ag an Nollaig. Seo bealach beag, ach bealach fiúntach, atá againn le rud éigin a thabhairt ar ais don phobal agus spiorad na Nollag a scaipeadh. Ba mhaith Tommy Molloy a lua freisin, a d'éirigh as i mbliana ach a chuir tús le traidisiún Bhailiúchán na Nollag, agus dár maoirseoir Jimmy O'Connor, a thug an smaoineamh dó ar dtús.”
D’éirigh leis an foireann an t-airgead a bhronnadh ar Chomhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, ar Ospís na Gaillimhe agus ar an Aonad Péidiatraice in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe díreach in am don Nollaig agus ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain eile den fhlaithiúlacht agus de spiorad na féile i measc an 60 ball foirne ar an bhfoireann lasmuigh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.
Ag labhairt di faoin aistriú, dúirt Máire Bríd Ní Chonghaile, Bainisteoir Ginearálta Chomhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe: "Thar ceann na foirne ag Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe, an bhoird iontaobhaithe agus ár dteaghlaigh ar fad, ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le Foireann Oibríochtaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe as a n-iarrachtaí an síntiús flaithiúil seo a bhailiú do GAP. Mar eagraíocht bheag, ciallaíonn gothaí cineálta cosúil leis an gceann seo gur féidir linn leanúint leis an obair ag tacú le teaghlaigh i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Ar mbuíochas agus beannachtaí na Nollag oraibh go léir."
Dúirt Mary Nash, Príomhfheidhmeannach Ospís na Gaillimhe; "Míle buíochas le Foireann Oibríochtaí na Comhairle Cathrach as smaoineamh ar Ospís na Gaillimhe an Nollaig seo. Cuidíonn gach ranníocaíocht linn leanúint ar aghaidh ag soláthar cúram maolaitheach speisialaithe agus compord d'othair agus do theaghlaigh ag am nuair is tábhachtaí é. Léiríonn a gcineáltas spiorad an phobail a thacaigh lenár gcuid oibre le dhá scór bliain anuas agus a chuireann leis an tráth seo bliana bheith speisialta."
Más mian leat féin spiorad na Nollag a cheiliúradh agus tacú leis na heagraíochtaí seo, is iad seo na seoltaí:
- Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe: www.GalwayAutismPartnership.com
- Fondúireacht Ospíse na Gaillimhe: www.GalwayHospice.ie
- Aonad Péidiatraice San Bernadette, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh: www.saolta.ie/wards/paediatric-department-st-bernadettes-childrens-unit