Páirc Pheile Nua i bPáirc na Coiribe Ainmnithe i ndiaidh an Oibrí Dheonaigh Sacair Áitiúil, Pat Manogue

Mayor and Pat Manogue unveiling sign name

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ainm na páirce peile nua i bPáirc na Coiribe, atá ainmnithe i ndiaidh oibrí deonach sacair áitiúil agus Uachtarán Chlub Sacair Corrib Rangers, Pat Manogue, a fhógairt. 

 

Rinne iarMhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, an t-ainmniú a cheiliúradh ag searmanas a bhí ar siúl Dé hAoine, an 23 Bealtaine 2025.   

 

Chuir an Méara reatha, an Clr Mike Cubbard, an togra ar aghaidh ag Cruinniú den Chomhairle i mí an Mheithimh 2021, mar aitheantas ar an obair gan staonadh a rinne Pat Manogue sa bpobal áitiúil le blianta fada le Club Sacair Corrib Rangers.

 

D’aontaigh an Chomhairle an t-am céanna Coiste Ainmniúcháin agus Comórtha Cathartha a bhunú, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus cinntí a bhaineann le hainmniú tailte agus foirgneamh sa gcathair atá faoi úinéireacht phoiblí i ndiaidh daoine. 

 

Nocht iarMhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Peter Keane, comhartha ar a raibh ainm na páirce nua, agus thug sé aitheantas d’obair Pat Manogue ina oibrí deonach sacair áitiúil.