Páirceáil Saor in Aisce ar an Deireadh Seachtaine do ‘Páirceáil agus Taisteal’ na Nollag i gCathair na Gaillimhe

park and commute launch

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dul i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus le hOllscoil na Gaillimhe le haghaidh ‘Páirceáil agus Taisteal’ na Nollag. Is féidir leo siúd atá ag teacht isteach sa gcathair páirceáil saor in aisce i gcarrchlós OTA (Bóthar an Bhaile Bháin) ón 13-14 Nollaig, agus an 19-24 Nollaig, na laethanta sin san áireamh, ón 8am go 10pm. Beidh carrchlós ‘Pháirceáil agus Taistil na hOllscoile,’ Ollscoil na Gaillimhe sa gCaisleán Nua Uachtarach ar fáil freisin le haghaidh páirceáil saor in aisce ón 19-24 Nollaig, ó 8am go 10pm. Is féidir le lucht taistil coinneáil orthu ansin isteach sa gcathair ar an mbus poiblí nó de shiúl na gcos, ag seachaint an struis agus an chostais a bhaineann le bheith ag páirceáil i lár na cathrach. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard, “Tá mé an-sásta tacú leis an tionscnamh seo chun daoine a spreagadh teacht isteach go Cathair na Gaillimhe chun siopadóireacht a dhéanamh, dul chuig an margadh, nó casadh le cairde i gceann den iliomad caiféanna, tithe tábhairne agus bialanna iontacha atá sa gcathair.  Gabhaimid buíochas mór le OTA agus le hOllscoil na Gaillimhe as bheith páirteach sa scéim mar go mbeidh sé níos éasca ag daoine anois gan a gcarr a thabhairt isteach sa gcathair, agus taisteal isteach, gan aon anró ar an mbus poiblí, nó de réir siúil’.  

Chuir an Comhairleoir Eddie Hoare an moladh seo chun cinn i mí Aibreáin 2025, agus thacaigh an Méara Mike Cubbard leis, mar mhalairt ar sheirbhís Pháirceáil agus Taistil na Nollag. Is í seo an chéad bhliain a bhfuiltear ag baint triail as an tseirbhís Páirceáil agus Taisteal i gcomhar le ATU agus Ollscoil na Gaillimhe.  

Is iad seo a leanas sonraí na gcarrchlós, na mbusanna agus na n-uaireanta oibríochta: 

 

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: An príomhcharrchlós ar Bhóthar an Bhaile Bháin (R865)

  • An tÉirchód is gaire: OTA, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, H91 T8NW
  • Dátaí oibríochta: 13-14 Nollaig, 19-24 Nollaig, na laethanta sin san áireamh.
  • Uaireanta oibríochta: 8am go 10pm
  • Roghanna Bus: 401 (Bóthar Bhaile Bháin), 405 (Bóthar San Séamas), 402, 404 agus 409 (Bóthar Bhaile Átha Cliath – tabhair faoi deara go n-úsáideann an bealach seo trasnú neamhrialaithe ag an timpeallán ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath).
  • Bealaí Siúlóide: thart ar 3.7km trí Bhóthar Bhaile Átha Cliath go Sráid na Siopaí

 

Ollscoil na Gaillimhe: Carrchlós Pháirceáil agus Taistil na hOllscoile, An Caisleán Nua Uachtarach (N59) 

  • An tÉirchód is gaire: ILAS, An Caisleán Nua Uachtarach, Co. na Gaillimhe, H91 C7DK
  • Dátaí oibríochta: 19-24 Nollaig, na laethanta sin san áireamh.
  • Uaireanta oibríochta: 8am go 10pm
  • Roghanna Bus: 404 (An Caisleán Nua Uachtarach)
  • Bealaí Siúlóide: thart ar 2.7km go Sráid na Siopaí
  • Leid – mura bhfuil an oiread sin brú ama ar dhuine, is féidir siúlóid cois abhann a dhéanamh ón Daingean isteach sa gcathair trí thailte na hOllscoile (moltar seo a dhéanamh le solas an lae agus sin amháin).