Polasaí Nua Fuinnimh atá ag teacht le hAistriú na hÉireann go dtí Eacnamaíocht atá Éadrom ó thaobh Carbóin glactha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

LIGHTBULB WITH RENEWABLE GRAPHICS AROUND IT

Ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe go foirmiúil le Polasaí Fuinnimh nua, rud a láidríonn ár dtiomantas don inbhuanaitheacht, don éifeachtúlacht agus do ghníomhú ar son na haeráide i ndáil le haistriú na hÉireann go dtí eacnamaíocht atá éadrom ó thaobh carbóin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary; “Tá an polasaí seo ag teacht le spriocanna fuinnimh náisiúnta agus an AE agus léiríonn sé ár n-uaillmhian roinnte cathair níos glaine agus níos tíosaí ar fhuinneamh a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe do na glúnta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.”

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Derek Pender; “Tá níos mó i gceist leis an bpolasaí seo ná díreach ráiteas, is gairm chun gnímh é. Tá ról ag gach ball foirne, is cuma más ag obair ar fhoireann nó astu féin atá siad, chun na spriocanna seo a bhaint amach. Más cinntí oibríochta, pleanáil tionscadal, soláthar, nó gníomhaíochtaí laethúla atá i gceist, is cúnamh mór é rannpháirtíocht gach ball foirne. Is féidir linn ceannaireacht a léiriú lenár ndea-shampla le chéile agus eiseamláir de sholáthar inbhuanaitheach seirbhísí poiblí a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe.”

Tagann an tionscnamh polasaí seo le Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024 - 2029 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ina leagtar amach mar a bheidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as athléimneacht aeráide a fheabhsú, éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar fud a cuid sócmhainní, seirbhísí agus bonneagair féin.

Stiúrfaidh agus cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe bainistiú fuinnimh chun cinn ar fud na heagraíochta trí:

  • Creat a fhorbairt chun cuspóirí agus spriocanna fuinnimh a shocrú agus a athbhreithniú ar fud sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí na Comhairle.
  • A chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an t-eolas ar fad a theastaíonn ar fáil chun ár spriocanna a bhaint amach, lena n-áirítear:
    • Feabhas 50% a chur ar ár n-éifeachtúlacht fuinnimh i gcomparáid le leibhéil 2009.
    • Laghdú 51% a dhéanamh ar ár n-astaíochtaí carbóin i gcomparáid le bonnlíne 2016-2018.
    • An dá sprioc a bhaint amach faoi 2030.
  • Córas Bainistithe Fuinnimh atá comhlíontach le ISO50001 a chur i bhfeidhm agus cloí leis mar chuid dár n-oibríochtaí laethúla.
  • Cloí le gach ceanglas dlí agus rialála a bhaineann le húsáid fuinnimh, lena éifeachtúlacht agus lena ídiú.
  • Tacú le táirgí agus seirbhísí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh a sholáthar, agus breithnithe feidhmíochta fuinnimh a neadú i ngach próiseas soláthair.
  • Foirne deartha a chumasú chun feabhsúcháin feidhmíochta fuinnimh a áireamh mar chuid dá gcuid oibre.
  • Feabhas leanúnach ar ár bhfeidhmíocht fuinnimh agus ar ár gcóras bainistithe fuinnimh a chur chun cinn.