Tá tairiscint nua fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus Macnas, ina dtugtar cuireadh do sholáthróirí cuidiú le coincheapa a fhorbairt le haghaidh Eispéireas Cuairteoirí Macnas i gCathair na Gaillimhe a bheadh ar siúl ar feadh na bliana. Tá an tairiscint ar fáil ag www.etenders.gov.ie agus críochnóidh sí ar an 23ú Eanair.
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo, a aithníodh i bPlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chathair na Gaillimhe, taitneamhacht shuntasach chultúir a chruthú ina gceiliúrtar an comhlacht amharclainne radhairc idirnáisiúnta a bhfuil duaiseanna buaite aige. Neartóidh an tionscadal seo tuilleadh cáil na Gaillimhe ina príomhchathair chruthaitheach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Sa mbliain 1986 a bunaíodh Macnas i nGaillimh agus tá lucht féachana ar fud an domhain meallta aige le mórshiúlta tumthacha, léiriúcháin amharclainne agus comhshaothair. Cuirfidh an taitneamhacht nua beocht in ealaíontacht Macnas gach lá, agus cuirfear ceardlanna, taispeántais idirghníomhacha agus turais nach ndéanfaidh na cuairteoirí dearmad orthu ar fáil mar chuid de.
Dúirt Stiúrthóir Feidhmeannach Johnny O’Reilly as Macnas: “Bhí baint ag Macnas riamh leis an tsamhlaíocht, le radhairc den scoth agus le comhoibriú. Is í an tairiscint seo an chéad chéim chun baile buan a chruthú inar féidir le cuairteoirí blaiseadh a fháil de dhraíocht Macnas gach lá, agus inar féidir lenár n-ealaíontóirí leanúint leis an nuálaíocht agus daoine a spreagadh.”
Tugtar ugach do pháirtithe leasmhara tograí a chur isteach agus cabhrú le ceann scríbe cultúir den chéad scoth a mhúnlú a spreagfaidh cuairteoirí agus a thacóidh le pobal bríomhar ealaíon na Gaillimhe. Tugtar cuireadh leis an tairiscint seo d’fhoirne cruthaitheacha, a bhfuil saineolas acu maidir le heispéiris thumthacha do chuairteoirí, tograí a chur isteach. Déanfar aighneachtaí a mheas bunaithe ar mhodheolaíocht, saineolas foirne agus luach ar airgead.
Dúirt Ruairí Lehmann, Oifigeach Turasóireachta le Comhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá Macnas fite fuaite i saol chultúr na Gaillimhe. Tá de chuspóir ag an tionscadal seo eispéireas cinn scríbe a chruthú chun a n-ealaíontacht iontach a cheiliúradh chomh maith le seasamh na Gaillimhe ina príomhchathair chultúir ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a neartú.”
Dúirt Margaret Jenkins, leis an bhfoireann Slí an Atlantaigh Fhiáin le Fáilte Éireann, freisin: “Léirigh ár dtaighde do Phlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chathair na Gaillimhe go raibh deis ann Eispéireas Cuairteoirí Macnas a chur ar bun a bheadh ar siúl ar feadh na bliana. Tá cuairteoirí ag lorg eispéiris thumthacha, chruthaitheacha a chruthaíonn ceangal eatarthu féin, an áit agus an pobal. D’fhéadfadh an taitneamhacht seo difear mór a dhéanamh i nGaillimh. Treiseoidh sé cáil na cathrach ina príomhchathair chultúir agus cuirfear buntáistí móra ar fáil don turasóireacht agus do na healaíona.”
Críoch
- Tá an tairiscint ar fáil ag www.etenders.gov.ie agus críochnóidh sí ar an 23ú Eanair.
- Seoladh an Plean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chathair na Gaillimhe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Fáilte Ireland ar 29ú Deireadh Fómhair agus tá an plean iomlán ar fáil anseo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le
Cumarsáid, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Teil: 091 536 400 communications@galwaycity.ie