
Tugtar cuireadh do mhná i gCathair na Gaillimhe páirt a ghlacadh i ranganna féinchosanta saor in aisce, ag tosú i Meán Fómhair 2025.
Arna chur i láthair ag Traenálaí Pearsanta agus Teagascóir Deimhnithe Cicdhornálaíochta Black Dragon, Pete Foley, foghlaimeoidh rannpháirtithe teicnící praiticiúla chun muinín, feasacht suímh agus scileanna féinchosanta a fheabhsú.
Beidh seisiúin ‘Tar agus Bain Triail As’ ar siúl Dé Luain an 8 Meán Fómhair agus Dé hAoine an 12 Meán Fómhair, agus beidh an cúrsa iomlán ar siúl gach Aoine idir an 19 Meán Fómhair agus an 24 Deireadh Fómhair sa Bhungaló ar Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín.
Chun tuilleadh eolais a fháil, nó chun clárú, déan teagmháil le CandC@GalwayCity.ie nó (091) 536 400. Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag Cathair na Gaillimhe Sláintiúil agus Comhpháirtíocht Spóirt Chathair na Gaillimhe.
Beidh seisiúin ‘Tar agus Bain Triail As’ ar siúl:
- Dé Luain an 8 Meán Fómhair, 11am-12pm
- Dé hAoine an 12 Meán Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 1: Dé hAoine an 19 Meán Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 2: Dé hAoine an 26 Meán Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 3: Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 4: Déardaoin an 9 Deireadh Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 5: Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair, 7:30pm-8:30pm
- Seisiún 6: Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair, 7:30pm-8:30pm
Beidh an cúrsa iomlán ar siúl ar:
Áit: Beidh na ranganna ar siúl sa Bhungaló, Suaimhneas, ar Bhóthar Uaitéir Uí Mhaicín, Mervue, H91 D25W
Tá an clár seo maoinithe ag Cathair na Gaillimhe Sláintiúil agus le tacaíocht ó Chomhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe.