REILIG AN BHÓTHAIR MHÓIR DOMHNACH NA REILIGE: 17 LÚNASA, 2025, AIFREANN AG 11 AM

Bohermore Cemetry.JPG

An tseachtain roimh Dhomhnach na Reilige:

Beidh na geataí ar oscailt ó 8am – 9 pm ón Luan, an 11 Lúnasa 2025 go dtí an Aoine, an 15 Lúnasa 2025 le go mbeidh daoine in ann ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair Dhomhnach na Reilige. Beidh na gnáthuaireanta oscailte ón 8:00r.n. go 4:00i.n. i bhfeidhm Dé Sathairn an 16 Lúnasa 2025.

 

Domhnach na Reilige

Mar gheall ar easpa spáis, ní bheidh cead isteach sa reilig ag feithicil ar bith ach amháin feithiclí ina bhfuil daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu nó feithiclí ar a bhfuil Diosca do Dhuine faoi Mhíchumas ar taispeáint.

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar na geataí ag 10:00am go beacht ar mhaithe le bainistiú tráchta.

Ar chúiseanna sábháilteachta, ní bheidh cead ag feithiclí an reilig a fhágáil go ceann 30 nóiméad i ndiaidh an Aifrinn, ionas go mbeidh coisithe in ann imeacht ar dtús.

Beidh Seirbhís Urnaí ar siúl chomh maith ag an 4pm.

Déanfar an aifreann seo a shruthlú beo trí http://studiorove.ie/cemeterymass/