
An tseachtain roimh Dhomhnach na Reilige:
Beidh na geataí ar oscailt ó 8am – 8 pm ón Luan, an 8 Meán Fómhair 2025 go dtí an Aoine, an 12 Meán Fómhair 2025 le go mbeidh daoine in ann ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair Dhomhnach na Reilige. “Beidh na gnáthuaireanta oscailte ón 8:00r.n. go 4:00i.n. i bhfeidhm Dé Sathairn an 13
Meán Fómhair 2025.
Domhnach na Reilige:
Mar gheall ar easpa spáis, ní bheidh cead isteach sa reilig ag feithicil ar bith ach amháin feithiclí ina bhfuil daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu nó feithiclí ar a bhfuil Diosca do Dhuine faoi Mhíchumas ar taispeáint.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar na geataí ag 11:00am go beacht ar mhaithe le bainistiú tráchta.
Ar chúiseanna sábháilteachta, ní bheidh cead ag feithiclí an reilig a fhágáil go ceann 30 nóiméad i ndiaidh an Aifrinn, ionas go mbeidh coisithe in ann imeacht ar dtús.
Déanfar an aifreann seo a shruthlú beo trí http://studiorove.ie/cemeterymass/