
Cur i láthair poiblí mar chlabhsúr ar an gclár cónaitheachta ‘The Air We Share’
D’fhógair Ionad Ealaíon na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, sonraí de na saothair ealaíne nua a cruthaíodh tríd an gclár ealaíontóra cónaithe ‘The Air We Share’ inniu (18.06.25). Cuidíonn an clár seo le healaíontóirí oibriú leis an bpobal agus beart cruthaitheachta a dhéanamh mar gheall ar thaighde eolaíochta maidir le caighdeán an aeir agus cúrsaí aeráide a dhéanann muintir na háite agus eolaithe aeráide as Ollscoil na Gaillimhe. Beidh na tionscadail ealaíne le feiceáil ag Féile Ealaíon an Taoibh Thiar i mbliana, a bheidh ar siúl ón 8 go dtí an 12 Iúil 2025.
Tar éis dóibh a bheith roghnaithe i mí na Samhna seo caite, chaith na healaíontóirí coimisiúnaithe - Christopher Steenson, Leon Butler, agus A Place of Their Own (Paula McCloskey agus Sam Vardy) - ocht mí ag forbairt saothar nuálach agus comhoibritheach i ndlúth-theagmháil le pobal an Taoibh Thiar agus comhpháirtithe eolaíochta.
Is iad seo a leanas a gcuid saothar:
- Christopher Steenson: Tugann an t-ealaíontóir ildisciplíneach Christopher Steenson cuireadh do rannpháirtithe taithí a fháil ar cháilíocht an aeir ar bhealach úrnua trí Airwalk, ‘aershiúl’ treoraithe le linn Fhéile Ealaíon an Taoibh Thiar. Cloisfidh na rannpháirtithe fuaimdhreach beo trí chluasáin arna ghiniúint ó shonraí fíor-ama maidir le truailliú aeir trí ‘chóras braite comhthimpeallach’ iniompartha, arna fhorbairt le treoir ó eolaithe ag an Ionad um Staidéar ar an Aeráid agus ar Thruailliú an Aeir in Ollscoil na Gaillimhe. Spreagadh an córas seo trí chleachtais mhachnaimh a chothaíonn feasacht oscailte, ag baint úsáid as rithimí nádúrtha anála mar fhócas. Ina theannta sin, beidh saothar cré comhoibritheach a forbraíodh leis an gceirmeoir Alena Postnikova agus rannpháirtithe áitiúla á thaispeáint ar feadh na féile.
- Leon Butler: Sa suiteán tumthach Phosphene le Leon Butler atá ina chónaí i nGaillimh, úsáidtear sonraí ó bhraiteoirí cáilíochta aeir pobail chun an t-atmaisféar dofheicthe a shoilsiú agus tugtar cuireadh do rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar an Taobh Thiar i bhfianaise nua. Beidh sé i gceannas ar cheardlann phraiticiúil thurgnamhach i rith na féile, áit a mbainfidh rannpháirtithe úsáid as fóin agus braiteoirí chun sonraí maidir le cáilíocht an aeir a léiriú agus foirmeacha digiteacha dinimiciúla a dhéanamh díobh.
- A Place of Their Own (Paula McCloskey agus Sam Vardy): Bhí an bheirt ealaíontóirí ag obair le grúpa pobail ar an Taobh Thiar dá saothar The 9 Freedoms for the Air chun cearta agus freagrachtaí daoine agus ‘áitritheoirí aeir’ a fhiosrú - miocróib, deannach, feithidí, gáis, éin, agus fiú sióga. Tharraing an grúpa ar léargais ó eolaithe, béaloideasaithe agus speisialtóirí dlí chun saothar ealaíon teicstíle comhchoiteann mór a chruthú. Tabharfar cuireadh don phobal i rith na féile breathnú ar thaibhiú fuála comhchoiteann beo agus páirt a ghlacadh i gceardlann bróidnéireachta a bheidh bunaithe ar iniúchadh samhlaíoch an tionscadail ar cheartas aeir.
Tá clár na dtréimhsí cónaitheachta d’ealaíontóirí croílárnach sa tionscnamh ‘The Air We Share’ do bheartaíocht i gcomhar i ndáil leis an aeráid a seoladh i mí Iúil 2024. Scrúdaítear na cúiseanna, na tionchair agus na réitigh fhéideartha ar thruailliú aeir sa tionscnamh seo trí bhearta ealaíne, eolaíocht an tsaoránaigh agus gníomh an phobail ar an Taobh Thiar de Chathair na Gaillimhe.
Le ‘The Air We Share’, tugtar le chéile cuibhreannas de pháirtnéirí áitiúla, faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ina measc Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe, Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar, agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe. D’oibrigh na healaíontóirí go dlúth leis na páirtnéirí seo i rith na dtréimhsí cónaitheachta agus bhí teacht acu ar a gcuid áiseanna, saineolas agus líonraí.
Ag trácht ar na saothair choimisiúnaithe, dúirt Megs Morley, Stiúrthóir agus Coimeádaí Ionad Ealaíon na Gaillimhe: “Ba próiseas thar a bheith saibhir agus comhoibritheach é an clár d’ealaíontóirí cónaithe, ina dtugtar le chéile ealaíontóirí, pobail áitiúla, eolaithe agus eagraíochtaí cultúir i nGaillimh. Trína gcuid saothar, chruthaigh gach ealaíontóir lionsa uathúil samhlaíoch trínar féidir linn machnamh a dhéanamh ar thruailliú aeir, ar an aeráid agus ar ár dtimpeallacht chomhroinnte. Is í an ealaíon an bealach is fearr leis na saincheisteanna casta sin a dhéanamh inláimhsithe, inathraithe agus inrochtana don phobal.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, freisin: “Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ag tacú le ‘The Air We Share’, tionscnamh claochlaitheach maidir le gníomhú ar son na haeráide ina gcuirtear béim ar thruailliú aeir mar riosca criticiúil don tsláinte chomhshaoil agus lena dtacaítear le huaillmhianta aeráide níos leithne na Gaillimhe. Léiríonn an clár cónaitheachta mar is féidir leis an gcruthaitheacht feasacht ar cháilíocht an aeir a ardú, rannpháirtíocht pobail níos doimhne a chothú maidir le gníomhú ar son na haeráide, agus athruithe cultúir agus gnáis a spreagadh. Is cúis ríméid againne, príomhpháirtnéir an tionscadail, treisiú leis na healaíontóirí le sé mhí anuas, agus táimid ag súil a gcuid saothar nuálach a fheiceáil léirithe ag Féile Ealaíon an Taoibh Thiar.”
Dúirt James Coyne, Cathaoirleach Fhéile Ealaíon an Taoibh Thiar: “Cuireann an tionscadal ‘The Air We Share’ go mór le clár na féile agus is deis iontach é do dhaoine áitiúla dul i dteagmháil le raon ealaíontóirí a bhfuil cur chuige agus cleachtais an-éagsúla acu. Trí phobal, ealaín agus eolaíocht a thabhairt le chéile, cuirtear spás ar fáil chun smaointe agus eolas a chomhroinnt agus chun comhoibriú a dhéanamh maidir leis na dúshláin a bhaineann le truailliú aeir agus leis an athrú aeráide.”
Is féidir clár iomlán Fhéile Ealaíon an Taoibh Thiar a fháil anseo. Tá ceardlanna na n-ealaíontóirí agus an ‘aershiúl’ treoraithe saor in aisce ach ní mór iad a chur in áirithe roimh ré trí ghlaoch ar Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar ar 091 528325. Is féidir bualadh isteach chuig an taibhiú fuála comhchoiteann agus ní gá áit a chur in áirithe.
Beidh saothair na n-ealaíontóirí mar chuid de thaispeántas poiblí ag Ionad Ealaíon na Gaillimhe níos déanaí i mbliana, áit a gcuirfear leaganacha leathnaithe de na saothair seo i láthair ón 15 Lúnasa go dtí an 21 Meán Fómhair, in éineacht le clár turais agus imeachtaí. Fógrófar tuilleadh eolais in am trátha.
Faigheann ‘The Air We Share’ maoiniú faoi Chiste na mBeart Cruthaitheachta i leith na hAeráide, tionscnamh a thagann faoi Chlár Éire Ildánach, le maoiniú ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhar leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Treisíonn an ciste le tionscadail cruthaitheachta, cultúir agus ealaíne trína gcothaítear tuiscint ar athrú aeráide agus trína gcuirtear ar chumas na saoránach athrú gnáis a thabhairt i bhfeidhm ar a mbíonn toradh fónta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.theairweshare.ie.