Scéim Deontais na bhFéilte Pobail Áitiúil 2025

LCF Poster

Scéim Deontais na bhFéilte Pobail Áitiúil 2025

Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe le féilte pobail i gceantair áitiúla chun rannpháirtíocht i saol an phobail a spreagadh. Tacóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le féilte nó le himeachtaí a eagraíonn agus a reáchtálann grúpaí pobail áitiúla agus grúpaí cónaitheoirí mar bhealach chun an pobal áitiúil a athnascadh chun rannpháirtíocht i gcomharsanachtaí ar fud Chathair na Gaillimhe a spreagadh, a thacú agus a cheiliúradh.

Tá ciste iomlán €25,000 ar fáil i mbliana agus iarrtar ar ghrúpaí pobail áitiúla ar spéis leo féile nó imeacht a phleanáil i gCathair na Gaillimhe sna míonna amach romhainn iarratas a dhéanamh. 

  • Ní mór d’imeachtaí tarlú idir lár an Mheithimh - Samhain 2025

  • Beidh deontais idir €300 agus €2,000 i gceist.

Is é an spriocdháta d'iarratais ar líne Dé Luain, 12ú Bealtaine 2025 ag 12.00pm.

Chun d'iarratas a dhéanamh ar líne ar Dheontas na bhFéilte Pobail Áitiúla, déan iarratas anseo: https://submit.link/3w0

Tá nasc chuig suíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag an seoladh seo a 

leanas: Cliceáil Anseo

Má tá aon cheist agat maidir leis an méid thuas déan teagmháil le do thoil le candc@galwaycity.ie