Scéim Nua Cíosa Tugtha Isteach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do Thionóntachtaí Tithíochta Sóisialta

hand holding toy house
  • Scéim Nua a Chuirfidh Maoiniú ar Fáil Ionas go bhFéadfar Feabhas a Chur ar Sheirbhísí, Cothabháil, Iarfheistiú agus ar an Tacaíocht do Thionóntaí
  • Ní Thiocfaidh Aon Athruithe ar an gCíos go dtí Eanáir 2026 i gcás Tionónachtaí Reatha
  • Cíos in Aghaidh na Seachtaine bunaithe ar Ioncam, le Ráta Níos Ísle do Phinsinéirí Seanaoise, agus fáil ar Chlásal Cruatain

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt isteach scéim nua cíosa do thionachtaí tithíochta sóisialta, chun gur féidir tacaíocht níos fearr a chur ar fáil mar a bhaineann le feabhas a chur ar sheachadadh seirbhisí, ar chothabháil agus iarfheistiú agus ar an tacaíocht do thionóntaí. Beidh tionchar ag na hathruithe ar 2,700 tionóntacht i meascán de thionachtaí agus i gcineálacha éagsúla réadmhaoine. Faoin scéim nua cíosa, beidh cíos na seachtaine bunaithe ar ioncam an teaghlaigh, agus beidh ráta níos ísle i gceist do Phinsinéirí Seanaoise. Ní thabharfar aon athruithe isteach i gcás tionóntaí reatha go dtí Eanáir 2026, agus cuirfidh an t-údarás áitiúil tús le feachtas eolais chun na hathruithe a mhíniú do thionóntaí sna seachtainí amach romhainn. Tá clásal cruatain san áireamh sa scéim cíosa - cuirfear tuilleadh eolais faoi seo ar fáil do thionóntaí.

Le blianta beaga anuas, tá ardú tagtha ar an gcostas a bhaineann le cothabháil a dhéanamh ar réadmhaoin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó €6,000,000 in aghaidh na bliana in 2019, go dtí €16,000,000 in aghaidh na bliana faoi láthair. Tá sé seo tarlaithe de bharr ardú a bheith tagtha ar chostais, rud a eascraíonn den chuid is mó as an mboilsciú ar chostais tógála, agus caighdeáin níos airde a bheith i bhfeidhm mar bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh. Ach tá an teacht isteach ón gcíos tithíochta fanta mórán mar a bhí, agus níl aon athrú tagtha ar scéim cíosa na Comhairle ó 2019. Ciallaíonn sé seo nach gclúdaíonn an teacht isteach ón gcíos costas na seirbhísí tithíochta faoi láthair, rud nach bhfuil praiticiúil ná inbhuanaithe.

Tá an costas a bhaineann le deisiú agus athchóiriú nuair a bhíonn aonad tithíochta le hathligean ardaithe go mór, ó €7,649 in 2019 go dtí os cionn €41,000 in 2024. 

Ginfidh an scéim nua cíosa seo, an chéad cheann le sé bliana, ioncam breise a chuideoidh le tionóntachtaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus a chinnteoidh inbhuanaitheacht na seirbhísí tithíochta ar fud na cathrach.

Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe, go príomha, a chuireann tacaíocht mar a bhaineann le tithíocht shóisialta ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Tá an Chomhairle freagrach as níos mó ná 2,700 tionóntacht a bhainistiú. 

Bainfidh an scéim nua cíosa le teaghlaigh atá ina gcónaí i réadmhaoine de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, chomh maith le tionóntaí ÍCT, tionóntaí RAS agus teaghlaigh atá ina gcónaí i gComhlachtaí Tithíochta Faofa i gCathair na Gaillimhe.

Ríomhtar an cíos i gcás tithíocht shóisialta bunaithe ar chéatadán den ioncam. 

Faoin scéim nua cíosa, ríomhfar cíos na seachtaine mar 20% den ioncam inmheasúnaithe, cé is moite de Phinsinéirí Seanaoise, áit a ríomhfar cíos na seachtaine bunaithe ar 17% dá n-ioncam seachtainiúil. Faoi láthair, ríomhtar an cíos ag 17% den ioncam inmheasta i gcás gach tionónta agus tugtar lascainí breise i gcúinsí áirithe. Ní bheidh aon lascainí i gceist faoin scéim nua cíosa. Cuirfear, áfach, na sonraí faoi na critéir a bhaineann leis an gclásal cruatain ar fáil do thionóntaí. 

Ní thabharfar aon athruithe isteach i gcás tionóntaí reatha go dtí Eanáir 2026. 

Ó thaobh tionóntachtaí nua de, nó tionóntaí a bheadh ag iarraidh 'athmheasúnú', tosóidh an scéim nua cíosa an mhí seo chugainn (Deireadh Fómhair 2025). 

Ó Eanáir 2026 ar aghaidh, beidh an scéim nua cíosa i gceist i gcás gach tionóntachta. 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do struchtúr cíosa cothrom agus cóir a bheith i bhfeidhm atá ag teacht le hioncam an teaghlaigh agus a chuidíonn le seirbhísí riachtanacha tithíochta a chur ar fáil. Glacann an Chomhairle leis, cé go bhfuil ardú tagtha ar ioncam teaghlaigh áirithe, go bhfuil teaghlaigh eile ag brath go hiomlán ar arduithe ar an leas sóisialta. Féachfar leis an scéim athbhreithnithe le freastal ar na difríochtaí seo agus aghaidh a thabhairt ar na costais a bhaineann leis an gcothabháil agus deisiúcháin ar thithe, costais atá ag ardú. Tá an Chomhairle buíoch de na Comhaltaí Tofa as a n-ionchur fiúntach agus athdhearbhaíonn sí go bhfuil sí tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thionóntaí agus an t-athrú seo ag tarlú."

Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe athbhreithniú ar na cuntais chíosa ar fad, ag tosú i lár 2026, agus iarrfar ar gach teaghlach eolas cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le hioncam agus comhdhéanamh an teaghlaigh. Ní gá do thionóntaí aon rud a dhéanamh faoi láthair agus beidh an t-athrú ar chíos na seachtaine i mí Eanáir bunaithe ar na sonraí reatha atá ar chomhad do gach teaghlach. 

Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil ón bhfoireann Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe – déan teagmháil leo ar an uimhir 091 536 400 nó seol ríomhphost chucu ar Housing.Department@GalwayCity.ie