Socraíonn Cinneadh Ard-Chúirte Criosú do 10.5 Heicteár de Thailte Chúil Each

cover of development plan

Thug an Ard-Chúirt ordú Dé Luain an 19 Bealtaine 2025 chun criosú 10.5 heicteár talún i gCúil Each, Cathair na Gaillimhe a chinneadh. tar éis athbhreithniú breithiúnach a thug úinéir na talún. 

D'eascair na himeachtaí as moladh a chuir Oifig an Rialálaí Pleanála faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Ordachán ón Aire ina dhiaidh sin, maidir le hathruithe a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, ar ghlac na Comhaltaí Tofa leis an 24 Samhain 2022. 

Ordaíodh leis an treoir do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe criosú ‘R2 cónaithe' a athrú go ‘talamh neamhchriosaithe’ maidir le 10.5 heicteár i gCúil Each.  Thug úinéir na talún dúshlán an ordaithe seo trí athbhreithniú breithiúnach. 

Mar thoradh ar phróiseas an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ghéill an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Oifig an Rialálaí Pleanála (OPR) araon do na himeachtaí agus chomhthoiligh siad d'Ordú na hArd-Chúirte a chuir ar neamhní an tOrdú Aireachta mar a bhain sé leis na tailte seo.

Ní bhfuarthas aon earráid ó thaobh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe de. Rinneadh an t-ordú deiridh le haghaidh costas in aghaidh an Aire agus an OPR agus sin amháin, níor deineadh aon ordú maidir le costais in aghaidh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leasú a dhéanamh anois ar Phlean Forbartha na Cathrach laistigh de 8 seachtaine, chun criosú R2 a chuir ar ais arís ar na tailte atá i gceist. Cuirfear na doiciméid leasaithe ar fáil ar  www.GalwayCity.ie agus beidh siad ar fáil lena n-scrúdú freisin sa Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oscailte. 

Níl aon tailte eile faoi thionchar ag an gcinneadh seo.