Sheol an Comhairleoir John McDonagh, Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2025–2030 agus Straitéis Speiceas Ionrach 2025–2030 Chathair na Gaillimhe go hoifigiúil ar Dé hAoine an 7 Samhain 2025, ar garsprioc mhór é sin maidir le tiomantas na cathrach do mhaoirseacht chomhshaoil agus d’athléimneacht éiceolaíoch.
Nocht Comhairle Cathrach na Gaillimhe dhá thionscnamh shuntasacha inniu atá dírithe ar oidhreacht nádúrtha na cathrach a chosaint: Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlacht Chathair na Gaillimhe 2025–2030 agus Straitéis Speiceas Ionrach Chathair na Gaillimhe 2025–2030. Ag ócáid an tseolta, a reáchtáladh i Músaem Cathrach na Gaillimhe, tugadh le chéile páirtithe leasmhara áitiúla, saineolaithe timpeallachta, grúpaí pobail agus ionadaithe rialtais chun tiomantas athnuaite d'inbhuanaitheacht éiceolaíoch a cheiliúradh.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, faoi na pleannana: “Is seoid í bithéagsúlachta na Gaillimhe, agus ní mór dúinn í a chosaint. Léirítear leis na straitéisí sin chomh dúthrachtach is atáimid na gnáthóga agus na speicis dhúchasacha sin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.’
Roinn Paula Kearney, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, fís na gcáipéisí beartais: “Tá Cathair na Gaillimhe tiomanta dá bithéagsúlacht shaibhir a chosaint agus a athbhunú trí chur chuige comhordaithe straitéiseach. Trí chomhpháirtíochtaí dinimiciúla a chothú idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, comhlachtaí reachtúla, eagraíochtaí deonacha, agus an pobal i gcoitinne, cuirfimid bearta nuálacha agus éifeachtacha i bhfeidhm féachaint le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh. I dteannta a chéile, cruthóimid timpeallacht nádúrtha rathúil athléimneach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus don fhiadhúlra araon do na glúnta atá le teacht.’
Dúirt an Dr Martina Moloney, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, “Tá an Chomhairle Oidhreachta bródúil as tacú le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2025-2030, tionscnamh tráthúil a chuireann an bhithéagsúlacht i gcroílár an tsaoil uirbigh. Léirítear sa bPlean, an tuiscint níos mó atá ann anois nach mór do chathracha freastal ar an dúlra agus é a chothú go gníomhach. Leagtar amach ann treochlár soiléir uaillmhianach chun gnáthóga a chosaint, líonraí éiceolaíocha a athbhunú, agus saoránaigh a chur i mbun maoirseachta ar a dtimpeallacht áitiúil.”
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Comhairle Oidhreachta a chómhaoinigh ullmhú Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2025-2030 agus don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a chómhaoinigh ullmhú Straitéis Speiceas Ionrach Chathair na Gaillimhe 2025-2030 faoin gCiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúil. Is mian linn freisin aitheantas a thabhairt don Chomhairle Oidhreachta a rinne páirtmhaoiniú ar phost Oifigeach Bithéagsúlachta an Údaráis Áitiúil.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.GalwayCity.ie/Biodiversity