Tá Bealaí Nua á Lorg ag an bhFóram le Borradh a chur faoi Sheachadadh Tithíochta i nGaillimh

Mayor Cubbard, Laura Behan, Dpartment of Housing, Cathaoirleach David Collins

D’fhiosraigh oifigigh shinsearacha agus páirtithe leasmhara ar fud na hearnála tithíochta straitéisí nua a fhorbairt chun borradh a chur faoi sheachadadh tithíochta i nGaillimh, ag fóram a reáchtáladh in Óstán an Galmont Dé Céadaoin (12 Samhain 2025).  

Breathnaíodh le linn an imeachta ‘Ag Brostú agus ag Cur le Seachadadh Tithíochta’, ar na príomhdhúshláin a bhí ag cur moill ar an dul chun cinn agus fiosraíodh bealaí praiticiúla chun seachadadh tithíochta i gCathair agus i gContae na Gaillimhe a chur ar fáil níos tapa agus níos éifeachtúla. 

Cuireann an t-imeacht, a d'eagraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, le hobair Thascfhórsa Tithíochta na Gaillimhe, comhlacht a bunaíodh in 2019 chun cur leis an soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne sa réigiún.

Áiríodh orthu sin a d’fhreastail ar an imeacht ionadaithe ó Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna), an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA), an Oifig Comhordaithe um Sheachadadh Tithíochta (HDCO), Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, bainc, ceantálaithe agus lucht forbartha tithíochta.

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, go raibh an fóram tráthúil i bhfianaise na ndúshlán tithíochta atá le sárú i gCathair agus i gContae na Gaillimhe.

Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige straitéiseach chun soláthar tithíochta leordhóthanach den chineál ceart a chur chun cinn, ar na láithreacha cearta, agus iad a cheangal le riachtanais bhonneagair eile.  Tá an t-údarás áitiúil ag oibriú go dlúth le hOifig Gníomhachtaithe Tithíochta an Rialtais (HAO) ríthábhachtach chun infheistíocht Rialtais a aimsiú le haghaidh bonneagair amhail Bóithre Ilmhódacha agus Fuíolluisce d’fhonn talamh criosaithe a fháil lena fhorbairt.

“Ní mór dúinn bogadh ar aghaidh ó mhodhanna traidisiúnta agus oibriú le chéile chun acmhainneacht seachadta a chur ar fáil,” a dúirt sé. “Más féidir linn an bealach a n-oibrímid a shimpliú agus pleanáil i dteannta a chéile, cuirfimid le córas tithíochta do Ghaillimh atá níos láidre agus níos inbhuanaithe.”

Chuir Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, béim ar an ngá atá le talamh atá criosaithe do thithe cónaithe a ailíniú leis an mbonneagar riachtanach uisce chun an dlús forbartha atá ag teastáil a bhaint amach. Dúirt sé: Beimid in ann, le samhail feidhmithe comhordaithe, ilghníomhaireachta, leanúint de sholáthar tithíochta a chur ar fáil do gach cineál tionachta.”

Ina theannta sin, dúirt an tUasal Conneally: “Chun freastal ar riachtanais tithíochta na Gaillimhe, ní mór dúinn oibriú ar bhealach difriúil. Trí chomhairlí, gníomhaireachtaí agus lucht forbartha a thabhairt le chéile, trí shonraí a roinnt i bhfíor-am, agus trí bhealaí nua oibre a fhiosrú, beimid in ann acmhainneacht nach bhfuil leas bainte aisti fós a chur ar fáil agus níos mó tithe a sheachadadh níos tapa. Ní mór don chomhoibriú agus réitigh phraiticiúla treallús a chur faoinár gcuid iarrachtaí má táimid le torthaí fiúntacha a bhaint amach faoin mbliain 2030.”

Bhain an fóram úsáid as leagan ‘World Café’, stíl cheardlainne atá in ainm is díospóireacht oscailte agus smaointe praiticiúla a spreagadh. Genesis Consulting a d’éacaigh an fóram inar fhéach rannpháirtithe ar an mbealach a bhféadfaí úsáid talún, próisis phleanála agus comhpháirtíochtaí a fheabhsú, agus labhair siad faoi na céimeanna a theastaíonn a ghlacadh anois chun borradh a chur faoi sheachadadh tithíochta sna blianta atá romhainn. 

Déanfaidh Tascfhórsa Tithíochta na Gaillimhe torthaí an fhóraim a mheas agus ullmhóidh moltaí do na gníomhaireachtaí ábhartha lena gcur chun cinn.