Tá Cumann Stair Teaghlaigh an Iarthair - Imeacht Seachtain na hOidhreachta

WFHA logo

Tá Cumann Stair Teaghlaigh an Iarthair lonnaithe i gContae na Gaillimhe.  Is grúpa féinchabhrach é. Tugann na baill cúnamh dá chéile, agus eagraítear cainteanna, ceardlanna agus imeachtaí eile go rialta ag plé le ginealas agus stair teaghlaigh.

Beidh ceardlann buail-isteach á reáchtáil againn mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025. Beidh an cheardlann ar siúl Dé Máirt 19 Lúnasa 2025, ó 10:30rn go 1:30in, i Leabharlann na Gaillimhe ar Shráid San Aibhistín (H91 R6WF)
Tá fáilte roimh chách, agus tá an t-imeacht saor in aisce.
Má tá aon cheist ar bith agat maidir le do chuid taighde féin, tabharfaidh baill an chumainn cúnamh agus tacaíocht phearsanta duit. Roinnfear leat eolas ar fhoinsí tábhachtacha agus ar mhodhanna oibre, a chabhróidh le do chuid taighde.

Le haghaidh fiosrúcháin, déan teagmháil le info@wfha.info