Taispeántas ina ndéantar iniúchadh ar chaighdeán aeir na Gaillimhe oscailte in Ionad Ealaíon na Gaillimhe

the air we share exhibition launch image

Tá saothair ealaíne a cruthaíodh i gcomhar le heolaithe aeráide agus an pobal áitiúil le feiceáil in ‘The Air We Share’

 

Inniu (14.08.25), sheol Ionad Ealaíon na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mórthaispeántas grúpa nua a thugann cuireadh do chuairteoirí leas a bhaint as suiteán fuaime tumthach, féachaint ar shonraí comhshaoil fíor-ama ag athrú go dealbha digiteacha, agus tuilleadh eolais a fháil faoi chaighdeán aeir, aeráid agus timpeallacht chomhroinnte na Gaillimhe.

 

Tá tionscadail nuálacha rannpháirtíochta, ar a dtugtar ‘The Air We Share’, forbartha ag ealaíontóirí i ndlúthchomhar le heolaithe aeráide ó Ollscoil na Gaillimhe agus pobail ón Taobh Thiar i gCathair na Gaillimhe, ar ceantar dícharbónaithe ainmnithe é.

 

Léirítear sa taispeántas saothar na n-ealaíontóirí Leon Butler, Christopher Steenson, agus an comharghrúpa ealaíontóirí a place of their own (Paula McCloskey agus Sam Vardy), iad go léir coimisiúnaithe trí chlár ealaíontóir cónaithe de chuid ‘The Air We Share’. D’oibrigh na healaíontóirí go dlúth le pobail áitiúla agus le heolaithe aeráide le deich mí anuas chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi is féidir leis an ealaín coincheapa agus sonraí casta comhshaoil a léirmhíniú, ag cuidiú le réaltachtaí dofheicthe truaillithe aeir a dhéanamh infheicthe.

 

Ag baint leas as sonraí a bailíodh ó mhonatóirí áitiúla truaillithe aeir, mar aon le léargais ó eolaíocht saoránach agus ceardlanna pobail, tá siad seo a leanas i measc na saothar ealaíne a tháinig chun cinn dá bharr:

 

  • Phosphene le Leon Butler - suiteán digiteach a athraíonn sonraí faoi chaighdeán an aeir a gabhadh ar fud chathair na Gaillimhe i bhfíor-am go foirmeacha dealbhóireachta agus digiteacha, a thugann deis do chuairteoirí smaoineamh arís ar an gcaoi a mothaímid agus a bhfreagraímid d’eolas comhshaoil.

  • Where does the body end le Christopher Steenson - suiteán fuaime comhthimpeallach a thógann an smaoineamh gur corp fisiciúil é an t-atmaisféar chun iniúchadh a dhéanamh ar ár gceangal leis an domhan trí anáil. Agus scríbhneoireacht, dealbhóireacht agus gnéithe cinéiteacha á gcuimsiú, tarraingíonn an saothar ar choincheapa ón bhfealsúnacht agus ón machnamh chun fuaimdhreach éabhlóideach a chruthú a fhreagraíonn do shonraí caighdeáin aeir beo a bhraitear sa ghailearaí.

  • The 9 Freedoms for the Air le a place of their own – saothar mór ealaíne teicstíle comhchoiteann a cruthaíodh i gcomhpháirt le pobal an Taoibh Thiar trí shraith ceardlann rannpháirtíochta le heolaithe agus saineolaithe dlí, ag samhlú cearta aeir amach anseo.

 

Tá saothair choimisiúnaithe na n-ealaíontóirí ag croílár cruthaitheach ‘The Air We Share’, tionscnamh comhoibríoch um ghníomhaíocht aeráide a seoladh i mí Iúil 2024. Faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, scrúdaíonn agus leagann an tionscnamh béim ar na cúiseanna, na tionchair agus na réitigh fhéideartha ar thruailliú aeir trí ealaín, eolaíocht saoránach agus gníomhaíocht pobail. Tá sé mar chuid de phlean gníomhaithe aeráide níos leithne na Comhairle, a bhfuil sé mar aidhm aige astaíochtaí carbóin a laghdú níos mó ná 50% laistigh de na cúig bliana atá amach romhainn agus caighdeán an aeir a fheabhsú ar fud na cathrach.

 

Dúirt Megs Morley, Stiúrthóir agus Coimeádaí Ionad Ealaíon na Gaillimhe: “Tá lúcháir orainn taispeántas ‘The Air We Share’ a chur i láthair in Ionad Ealaíon na Gaillimhe sna seachtainí atá romhainn. Léiríonn gach ceann de na saothair choimisiúnaithe seo cumhacht an chomhoibrithe – idir ealaíontóirí, eolaithe agus pobail – agus cuireann sé dearcadh úr ar fáil ar an bhfadhb nach bhfeictear go minic maidir le caighdeán agus truailliú an aeir. Trí fhuaim, sonraí, comhrá agus ceardaíocht, chruthaigh na healaíontóirí saothair a bhfuil ábhar machnaimh iontu agus a dhéanann saincheisteanna casta comhshaoil inláimhsithe agus furasta a thuiscint. Tá súil againn go bhfaighidh cuairteoirí de gach aois ábhar inspioráide agus machnaimh sa mhéid atá ar taispeáint.”

 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, freisin: “Is cuid thábhachtach é ‘The Air We Share’ de shraith gníomhaíochtaí níos leithne i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil sé mar aidhm aige astaíochtaí carbóin a laghdú níos mó ná 50% laistigh de na cúig bliana atá amach romhainn agus feabhas mór a chur ar chaighdeán an aeir ar fud na cathrach. Tá sé ríthábhachtach feasacht an phobail a ardú agus rannpháirtíocht phobail níos doimhne a chothú chun na spriocanna seo a bhaint amach. Léiríonn na saothair choimisiúnaithe seo an chaoi ar féidir leis an gcruthaitheacht bealaí nua smaointeoireachta faoi shláinte chomhshaoil a oscailt. Trí thaithí chomhroinnte a dhéanamh as sonraí eolaíocha, tugann an taispeántas deis dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar an ról atá againn maidir leis an aer a análaimid a chosaint agus todhchaí níos inbhuanaithe a chothú do Ghaillimh.”

 

Le ‘The Air We Share’, tugtar le chéile cuibhreannas de pháirtnéirí áitiúla, faoi stiúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ina measc Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Ollscoil na Gaillimhe, Ionad Acmhainní an Taoibh Thiar, agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe.

 

Osclóidh Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, Alan Cheevers, an taispeántas go hoifigiúil Dé Sathairn, an 16 Lúnasa ag 2pm agus beidh an t-aoichainteoir Annie Fletcher, Stiúrthóir Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann, i láthair. Tá fáilte roimh chách freastal ar an bhfáiltiú oscailte. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, 21 Meán Fómhair. Tá cead isteach saor in aisce agus beidh clár iomlán cainteanna, turais agus imeachtaí poiblí ar siúl chomh maith leis an taispeántas. Téigh chuig galwayartscentre.ie le haghaidh tuilleadh sonraí.

 

Faigheann ‘The Air We Share’ maoiniú faoi Chiste na mBeart Cruthaitheachta i leith na hAeráide, tionscnamh a thagann faoi Chlár Éire Ildánach, le maoiniú ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhar leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Treisíonn an ciste le tionscadail cruthaitheachta, cultúir agus ealaíne trína gcothaítear tuiscint ar athrú aeráide agus trína gcuirtear ar chumas na saoránach athrú gnáis a thabhairt i bhfeidhm ar a mbíonn toradh fónta.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.theairweshare.ie.