Taispeántas Mór Sráide Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe - 18/ 19 Iúil

Planete Vapeur giant grasshopper at night

Beidh Taispeántas Mór Sráide Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe le feiceáil ar shráideanna na Gaillimhe Dé hAoine an 18 Iúil (9:30pm) agus Dé Sathairn an 19 Iúil (6pm agus 9:30pm). 

Rachaidh an Taispéantas ón bhFaiche Mhór síos Sráid Liam, Sráid na Siopaí, Sráid an Phríomhgharda, Sráid an Droichid go Sráid Dhoiminic Íochtarach agus Ardán na bhFiach. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Garda Síochána ag moladh don lucht spéise a bheith ann luath, agus sa chás go mbíonn an áit plódaithe, áit eile a fháil dóibh féin feadh an bhealaigh chun an taispeántas a fheiceáil.  

Táthar ag súil go mbeidh roinnt cur isteach ar an trácht agus go mbeidh srianta páirceála i bhfeidhm timpeall ar an bhFaiche Mhór, ar Shráid Eglington, ar Shráid an Droichid, ar Sráid Dhoiminic Íochtarach agus ar na sráideanna in aice láimhe an dá thráthnóna sin. Bain úsáid as iompar poiblí, siúl, nó rothaíocht, más féidir.  Do dhaoine a bheidh ag teacht chuig an taispeántas i bhfeithiclí príobháideacha, páirceáil go sábháilte le do thoil agus tabhair faoin gcuid dheireanach den turas de shiúl na gcos. 

Bain sult as an bhféile - Tabhair aird ar chomhairle na nGardaí, na maor, agus oibrithe deonacha iontacha Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Léigh níos mó - https://www.giaf.ie/festival/event/microcosmos