Taispeántas Nua, 'Find My Tribe' ag Músaem Cathrach na Gaillimhe

One of the new interactive units in the Museum

Bhí na Gael ar an gcéad dream san Eoraip le córas sloinnte a bhunú.  Is cosúil gurb iad na sloinnte is ársa in Éirinn na cinn sin a bhfuil ‘Ó’ (‘Ua’ roimhe seo) iontu, a chiallaíonn ‘garmhac’.  Tá bás Thigherneach Ua Cléirigh, Taoiseach Aidhne i ndeisceart na Gaillimhe in 916 AD, cláraithe in Annála na gCeithre Máistrí.Táthar den tuairim gurb é an sloinne sin an sloinne is ársa a bhfuil taifead air san Eoraip.

A bhuíochas do Irish Origenes is féidir le cuairteoirí an bunachar sonraí seo a úsáid chun bunús a sloinne Ghaelaigh a aimsiú agus eolas a chur ar na háiteanna agus na logainmneacha a bhaineann leis an sloinne sin.  Cuir isteach sloinne amháin nó suas le ceithre cinn lena fháil amach cá as ar tháinig do shliocht.

Leid: Sa chás go dtosaíonn do shloinne le ‘O’ nó le ‘Mac), bain triail as bealaí éagsúla le do shloinne a litriú (mar shampla Carroll, O’Carroll, MacCarroll, agus McCarroll)