Thrive Ag Charnabhal Aeráide

ThriveCarnivalTop

 

Gabhtar buíochas ó chroí le gach duine a bhí linn ar feadh an tSathairn i bPáirc an Athar de Búrca nuair a rinne Allies and Morrison cur i láthair ar an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach do Cheantar Thiar Chathair na Gaillimhe. Cuireadh an ócáid ar bun mar chuid de Charnabhal Aeráide na bliana seo ar éirigh thar barr leis.
 

B’ábhar inspioráide é slua chomh mór sin a fheiceáil agus teagmháil a dhéanamh leis an oiread sin daoine a bhfuil todhchaí an Cheantair Thiar an-ghar dá gcroí. Cuireadh deis thar a bheith luachmhar ar fáil dúinn leis an lá chun smaointe a roinnt, féidearthachtaí a fhiosrú agus leanúint leis an gcomhrá faoin gcaoi gur féidir leis an gCeantar Thiar fás agus forbairt ar bhealach inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus bríomhar.
 

Is iad bhur gcuid tuairimí agus díocais a dhéanann tionscnaimh fhiúntacha de thionscnaimh den chineál seo agus táimid ag súil go mór de bheith ag cur leis na smaointe a pléadh de réir mar a bheidh an tionscadal á fhorbairt tuilleadh.

 

ThriveAtClimateCarnival1
ThriveAtClimateCarnival2
ThriveAtClimateCarnival3
ThriveAtClimateCarnival4
ThriveAtClimateCarnival5
ThriveAtClimateCarnival16
ThriveAtClimateCarnival7
ThriveAtClimateCarnival8
ThriveAtClimateCarnival9
ThriveAtClimateCarnival10
ThriveAtClimateCarnival11
ThriveAtClimateCarnival13
ThriveCarnivalExtra