
Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe céim nua i dtreo Chathair Chiorclach na Gaillimhe a roinnt i rith na Féile Inspioráidí Aeráide 2025: is é sin seoladh an tionscadail phíolótaigh athchúrsála nua ‘On-the-Go’. Tá 20 ‘colbha bosca bruscair’ nua curtha ar bhoscaí bruscair lár na cathrach, chun cannaí agus buidéil a bhailiú ‘ar an mbealach’ - rud a d’fhéadfadh na mílte buidéal agus canna a choinneáil as an líonadh talún nó as bruscar sráide i gCathair na Gaillimhe.
Seo mar a oibreoidh sé: Má tá tú amuigh - b’fhéidir go bhfaighfeá caifé ar Shráid na Siopaí nó go mbeifeá ag baint sult as radhairc an Chladaigh - agus má tá buidéal plaisteach nó canna agat leis an gcomhartha Re-turn air, ná cuir sa mbosca bruscair é. Cuir sa gcoimeádán ar thaobh an bhosca bruscair é.
Leis an ngníomh simplí sin a dhéanamh, beifear in ann an buidéal a athchúrsáil seachas é a dhumpáil i líonadh talún, nó níos measa ná sin, é a bheith ag truailliú ár gcuid sráideanna áille.
Is féidir le duine ar bith a théann thar bráid an buidéal nó an canna sin a thabhairt leis agus an aisíocaíocht 15 cent a fháil.
Is fiú a bheith ag athchúrsáil - mar go gcoinnítear ábhar luachmhar sa chiorcal, réidh chun rud éigin nua a dhéanamh as.
Tá an tionscadal píolótach seo mar chuid d’fhíorgheilleagar ciorclach - tabharfar an dara seans do bhuidéil agus do channaí, agus cabhrófar le Cathair na Gaillimhe a cuid spriocanna athchúrsála a bhaint amach.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Re-turn, riarthóir Scéim Éarlaise agus Aisíoca na hÉireann, ag obair le chéile chun an tionscadal seo a chur i gcrích i gCathair na Gaillimhe. Seoladh na colbhaí bosca bruscair den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2024 i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus chuir an tionscadal 80 colbha bosca bruscair ar fud lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar dtús, rud a chothaigh leibhéal ard rannpháirtíochta agus tacaíochta poiblí.
Beidh na colbhaí nua ar 20 bosca bruscair ar an mbealach as an bhFaiche Mór go Sráid Liam go Sráid na Siopaí, an tSráid Ard agus an bealach ar fad anuas go híochtar Shráid na Céibhe.
Tá an tionscadal píolótach ‘On-the-Go’ mar chuid de chlár ‘Chathair Ciorclach na Gaillimhe’ Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sé ag teacht le beartas an Phlean Náisiúnta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach 2024-2030 deireadh a chur le dramhaíl agus athúsáid acmhainní a uasmhéadú.