Tá dealbha draíochtúla de theach sí, ulchabhán, iolar, madra uisce ag leanúint éisc, áiteanna le suí agus spiorad crainn críona déanta as crainn a leag Stoirm Éowyn i gCoill Bhearna mar chuid de thionscadal Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun cosán draíochtúil tríd an gcoill a dhéanamh de na crainn, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach. Is é an t-ealaíontóir sáibh shlabhraigh, ‘Fear na gCoillte’, Will Fogarty a bhí i mbun na saothar.
Leagadh beagnach 100 crann i gCoill Bhearna i mí Eanáir 2025 nuair a réab Stoirm Éowyn tríd an tír agus d'fhág sléacht ina diaidh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Sna míonna ina dhiaidh sin, dúnadh Coill Bhearna ionas go bhféadfadh speisialtóirí oibriú chun an príomhchosán tríd an gcoill a ghlanadh, agus crainn a bhí tite a bhogadh amach chuig taobhanna na gcosán. Tá cosán draíochtúil de dhealbha spreagtha ag an dúlra déanta anois de na crainn sin.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Taitneoidh an tslí spreagúil de dhealbha crann seo atá ar an bpríomhchosán trí Choill Bhearna go mór le hóg agus aosta. Cuireann seo gné álainn eile le háis iontach de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ina bhfuil páirc spraoi, páirceanna peile, agus siúlóidí coille den scoth, chomh maith le hIonad Pobail Chnoc na Cathrach freisin.”
Dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “bhí tionchar thar a bheith díobhálach ag Stoirm Éowyn ar chrainn ar fud na cathrach níos luaithe i mbliana - i gcoillte agus in eastáit araon. Bhí obair mhór ar an bhfoireann Saoráidí Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta ag déileáil leis na céadta crann a leagadh, agus na fréamhacha ollmhóra a bhí fanta sa talamh a bhaint. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhoireann agus do Mark Ryan, Maor Ceardaíochta sa Rannóg Saoráidí Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta as teacht aníos leis an smaoineamh álainn seo chun beocht a chur sna crainn a leagadh arís, le sraith de dhealbha iontacha ón ealaíontóir Will Fogarty.”
Feicfidh daoine atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Choill Bhearna na dealbha seo ar feadh an chosáin tríd an gcoill, ar féidir dul air ag an mbealach isteach ar bhóthar Bhearna - nó trí shiúl trí Pháirc na Ceapaí ón mbealach isteach ar Bhóthar na Ceapaí.
Fágadh crainn eile a leagadh le linn Stoirm Éowyn san áit a bhfuil siad chun na háiteanna sin a chosaint, agus chun trácht coise a laghdú agus athnuachan coillte a chur chun cinn. Tríd na crainn atá tite sa gcoill a fhágáil mar atá cuirtear ‘adhmad marbh’ ar fáil, ar comhpháirt lárnach agus riachtanach atá ann d’aon choill. Le linn phróiseas an lobhaidh, déantar gnáthóga nua do líon mór orgánach éagsúil, lena n-áirítear inveirteabraigh agus fungais, chomh maith le cothaithigh a chur ar fáil.
Tugtar cosaint nádúrtha do thalamh na coille leis sin agus tugann sé seans do chrainn dhúchasacha a fhásann sa gceantar ar aon chaoi teacht amach, an Dair, Cuileann agus an Bheith ina measc. Ba cheart go dtosódh plandaí coille eile amhail Lus na Gaoithe, Cloigíní Gorma agus Creamh ag fás go maith freisin sna blianta amach romhainn.
Oibreoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le saineolaithe agus le heagraíochtaí rialtais a bhfuil speisialtóireachtaí acu in athchóiriú agus i mbainistiú na gcoillte dúchasach chun plean fadtéarmach saincheaptha don choill a fhorbairt, bunaithe ar mheasúnú mionsonraithe a dhéanamh ar a héiceolaíocht, ar chomhdhéanamh an cheannbhrait, ar a cumas athnuachana nádúrtha, agus mar sin de.
Leagfar amach cuspóirí gearrthéarmacha (5-10 mbliana), meántéarmacha (10-50 bliain), agus fadtéarmacha (50-100 bliain) chomh maith le sceideal rollach oibre 5-10 mbliana ina leagfar amach an méid atá le déanamh gach bliain chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcuspóirí sin a bhaint amach. Fiosróidh an plean seo céard a bheidh ag teastáil chun inmharthanacht na coille a chinntiú don nádúr agus do na glúnta amach anseo chun taitneamh a bhaint aisti. Beidh sé seo maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ní ag an gclár Éire Ildánach.